‘Caithfear an t-infreastruchtúr luchtaithe do charranna leictreacha a mhéadú’

An tseachtain seo caite scríobh mé alt faoin ngéarchéim aeráide agus thug mé cúpla tuairim faoin gcaoi a gceapann mé féin ar cheart dúinn a ghabháil i ngleic léi. Luaigh mé bealaí le leictreachas a ghineadh nach bhfuil in úsáid againn fós agus dúirt mé nár cheart a bheith ag síneadh méire ar an ngnáthdhuine nó go mbeidh bealaí curtha ar fáil ag an rialtas le go mbeadh seans ag duine ar bith saol níos glaise a chaitheamh.

Rud eile a chaithfear a dhéanamh má tá muid ag gabháil carranna ola a chur as úsáid ná méadú mór millteach a dhéanamh ar an infreastruchtúr luchtaithe do charranna leictreacha. Níl láithreacha luchtaithe le feiceáil in áit ar bith i ndáiríre. 

Cheapfainn go bhfuil cúpla ceann feicthe agami gcarrchlósanna na foirne ag an ollscoil ach níl oiread agus ceann feicthe agam san ionad páirceála agus taistil a bhfuil cead ag na mic léinn a úsáid. Níl ach cúpla ceann le feiceáil ag cúpla stáisiún peitril sa gcathair agus ní fhaca mé stáisiún peitril fós a raibh níos mó ná ceann amháin acu.

Tuigim go luchtaítear sa mbaile iad thar oíche agus go mbíonn a ndóthain cumhachta ann le duine a thabhairt thart ar ghnáthlá ach fós féin más sin í an chéim atá muid ag iarraidh a thógáil caithfear deis luchtaithe a chur ar fáil do dhaoine in áiteacha eile.

Maidir le hiompar leoraithe, chuala mé duine éicint ar an raidió ag tabhairt amach do chréatúr éicint a bhí ina urlabhraí do na tiománaithe leoraithe mar gheall go raibh sé ag rá an rud céanna faoin gceist airgid. Bhí seisean ag rá cén chaoi a bhfuiltear ag súil go n-athródh siadsan go dtí leoraithe nach sceitheann carbón gan cabhair airgid. Agus tá an ceart ar fad aige. Tá mé cinnte go mbeadh siad lán sásta athrú dá mbeadh sé d’acmhainn acu ach níl pócaí lána ag chuile dhuine.

Táthar ag tástáil scéime sa nGearmáin faoi láthair go n-oibreodh leoraithe leictreacha mar a oibríonn traenacha faoi láthair. Is é n chaoi a n-oibríonn sé ná go dtagann leoraí isteach ar an mótarbhealach agus os cionn ceann de na lánaí tá cábla leictreach. Nuair a thiomáineann an leoraí isteach faoi tagann lámh nasctha aníos ón leoraí agus cruthaíonn sé ceangal leictreach leis an gcábla agus bíonn an leoraí dá luchtú an fhad agus a fhanann sé faoi. 

Ní saineolaí eacnamaíochta mé agus tá mé cinnte go bhfuil mile fáth ann nach n-oibreodh sé seo nach smaoineoinn féin go brách orthu ach bhí smaoineamh beag agam maidir le ceist na feola. 

Tá a fhios againn uilig go gcaithfidh muid gearradh siar ar an méid feola a itheann muid. Freisin tá feoil i bhfad ró-shaor le ceannach i gcomparáid leis an méid fuinnimh a chuirtear isteach i ngach uile bhó nó muc srl. Cén fáth nach gcuirtear luach an carbon offset isteach i bpraghas na feola agus ansin cosaintí a thabhairt d’fheilméaraí na hÉireann i margadh na hÉireann ar a laghad (i.e. gan a bheith ag déanamh margaí leis an mBrasaíl) agus, más féidir, i margadh na hEorpa freisin. B’fhéidir thrí brú a chur ar thíortha eile na hEorpa an rud céanna a dhéanamh. D’fhágfadh sé sin go mbeadh feoil beagán níos costasaí, rud a laghdóidh an méid a itear agus bheadh airgead ag gabháil i dtreo tionscadal níos neodraí i leith an charbóin.

SCÉALTA EILE