Tugtar ‘An Ceantar Bánaithe’ go hoifigiúil ar an ciorcal de gha 30km thart ar an stáisiún núicléach i Searnóbail.
Tá na gluaisteáin, na rothair, achan rud fágtha ina áit, díreach mar a bhí. Tá féara agus crainn ag fás ar gach teach agus foirgneamh sa cheantar. Tá na seomraí ranga mar a bhí ó d’fhág na páistí iad an t-am seo den bhliain in 1986.
80km ó Kiev, príomhchathair na hÚcráine, seo an toradh tar éis éalú gasta na ndaoine 25 bliain ó shin nuair a phléasc cuid den stáisiúin núicléach, rud a chuir scamall radaighníomhach isteach san aer san leathsféar thuaidh mar chuid den taisme núicléach is measa riamh sa stair.
Tugann sé léargas ar an sórt todhchaí atá roimh Fukushima muna n-éiríonn leis na hoibrithe éigeandála, atá ag troid i gcoinne na bagartha le seacht seachtaine anuas chun an áit a choinneáil slán.
Fiú sa lá atá inniu ann, níl an obair críochnaithe ag Searnóbail, tagann oibrithe sna cultacha bána isteach chun oibre gach lá chun sciath choincréiteach úrnua a thógáil in áit an chinn a tógadh go luath tar éis na tubaiste.
Cionn is go bhfuil an sean-sciath ag titim as a chéile, thiocfadh le scamaill eile spré suas san aer agus caithfear an sciath úr a chuir isteach chun an chontúirt a choinneáil faoi smacht.
Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón tragóid seo mar fágtar an baol do na glúnta a thagann inár ndiaidh, beidh na ceimiceáin go radaighníomhach ar feadh na mílte bliain.
Caithfear gach glúin amach anseo é a ghlanadh suas, obair a bhfuil an-chostas ag baint leis dár ndóigh.
Bhí rialtas na hÚcráine ag bailiú airgid go hidirnáisiúnta ar na mallaibh chun an $1.1 billiún a fháil atá de dhíth don sciath choincréiteach amháin. Bhí siad $300 milliún gann ina dhiaidh seo, rud a spreag Uachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovych, le rá, “Níl sé de cheart ag an Úcráin ná ag pobal an domhain seo a sheachaint”.
Ó tharla tubaiste Shearnóbail, a bhí mar pháirt den Aontas Sóivéadach ag an am, maraíodh na mílte sa mhórcheantar.
Tá drochshláinte ag go leor daoine go fóill sna tíortha in aice leis an Úcráin agus tá sé deacair fós an méid duine a bhfaighidh bás a thomhas. Chomh maith leis sin, maítear go bhfuair neart daoine bás mar gheall ar an bhochtaineacht nuair a d’éalaigh siad ó Shearnóbail agus an stró a bhí orthu.
Ní raibh go leor eolais ag daoine faoin méid damáiste a rinneadh orthu ón tubaiste. Go fóill inniu tugtar cúiteamh airgid do na milliúin duine sa Rúis, san Úcráin agus sa Bhealarúis, sna háiteanna is mó contúirte. Ach tugtar seo do gach uile duine sna háiteanna seo, cé acu tinn nó slán iad.
Agus is cosúil go gcruthaíonn sé seo níos mó fadhbanna in áiteanna ina bhfuil go leor daoine bochta. Aithnítear go dtugann an cúiteamh seo drochstádas ar na daoine seo agus ní chuidíonn seo le féinmhuinín.
Tá macallaí na tubaiste le cluinstin go fóill, ach ag pointe ar leith beidh ar dhaoine bogadh ar aghaidh lena saol agus cad é a bheas ann le cuidiú leo?
Is mar gheall air seo a chaithfidh an tSeapáin a bheith ag smaoineamh ar na himpleachtaí fad téarmacha.
Ní bheidh Fukushima go hiomlán cosúil le Searnóbail, ach tá na ceachtanna ann le foghlaim.
Tá 80,000 míle duine curtha as a dtithe sa cheantar, agus gach seans go mbeidh an áit bánaithe go deo mar atá Searnóbail.
Gach seans nach mbeidh maitheas ar bith sa talamh arís. Agus ar nós Searnóbail, beidh sé dodhéanta infheistíocht a mhealladh isteach cóngarach do Fukishima, rud a fhágfaidh an ceantar maguaird le mórdheacrachtaí.
Ach b’fhéidir an cheist is mó a ardaíonn an dá thubaiste seo, ná an fiú don chine daonna leanúint leis an chumhacht chontúirteach seo ar chor ar bith?