Ceardlanna faoi lusanna agus feamainní sna trí theanga Ghaelacha le reáchtáil ag Cassan

Beidh triúr saineolaithe as Éirinn, Albain, agus Manainn i mbun ceardlanna trítheangacha faoi lusanna agus feamainní a bheidh á reáchtáil ag an tionscadal Cassan an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.

Beidh an Dr Pól Mac Cana (Gaeilge), Paayl  Rogers (Gaelg), agus Ruairidh MacIlleathain (Gàidhlig) ag labhairt ina dteanga féin sna ceardlanna a bheidh á reáchtáil saor in aisce ar Zoom amárach an 1 Márta agus Dé Céadaoin seo chugainn an 8 Márta.

Is togra idir-Ghaelach é Cassan a thugann cainteoirí Gaeilge le chéile ó Éirinn, Albain, agus Manainn le clár imeachtaí agus cainteanna a reáchtáiltear ar líne den chuid is mó. Beidh an saineolas ar phlandaí na tíre agus na mara á roinnt ag Pól, Paayl, agus Ruairidh ach tá súil ag lucht eagraithe na gceardlann go mbeidh an “deis ag an lucht féachana a bheith ag cúléisteacht le saineolaithe ag caint orthu” sna teangacha eile Gaelacha. 

“Is deis ar leith é seo do chainteoirí líofa chun na teangacha Gaeilge ar fad a chloisteáil ag aon ócáid amháin. Beidh Ruairidh, Pól, agus Paayl ag caint i gcanúint s’acu féin agus tá súil againn nach mbeidh orthu an Béarla a úsáid. Agus ar ndóigh, baineann ábhair na gceardlann le lusanna augs le feamainn, mar sin beidh go leor le foghlaim againn go léir ó na saineolaithe seo,” a dúirt Josephine Dunbar ó Chonradh na Gaeilge Bhoirche Íochtair, atá ag eagrú na gceardlann.

Ní hé seo an chéad uair ag Pól Mac Cana agus Paayl Rogers a bheith ag glacadh páirte in imeachtaí Cassan. Thug an bheirt acu caint uathu faoi éanlaith na hÉireann agus Mhanann 

Cuireadh tús le Cassan sa bhliain 2020 agus é i gceist ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair “ceangail láidre a thógáil el Gaeil Mhanann”, go háirithe idir Bunscoil na mBeann i gCill Chaoil agus an Bunsgoill Ghaelgach in Balley Keeil Eoin i Manainn. Beidh daltaí Bhunscoil na mBeann ag tabhairt cuairte ar a gcomharsanaigh Ghaelacha i Manainn ag tús mhí Aibreáin.

Is féidir tuilleadh eolais faoi na ceardlanna agus faoi imeachtaí eile Cassan a fháil ó Chonradh na Gaeilge Boirche Íochtair.

SCÉALTA EILE