Ceoltóirí carúl ar ais…


Má tá sibh ag siopadóireacht i gcathair Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo, coinnígí súil amach do na ‘Street Singing Sweepers’, a bheas i mbun amhráin na Nollag a fhad is atá sráideanna na cathrach á gcoinneáil glan acu.

D’fhógair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar a leathanach Facebook go mbeidh na fir bhruscair cheolmhara seo ag cur amhráin traidisiúnta an tséasúir i láthair, le casadh beag.

In áit na ngnáth-liricí Nollaigiúla a mbeifeá ag súil leo, tá teachtaireachtaí tábhachtacha greannmhara curtha leis na foinn aitheanta faoi bheith ag glanadh suas i do dhiaidh agus tú i mbun siopadóireachta.

Tá an-rath ar an díséad seo, a fhaigheann bualadh bos mór ó na siopadóirí as splanc cheolmhar a chur lena dtréimhse sa chathair.

Is maith a fheiceáil go bhfuil an Chomhairle Cathrach i mBéal Feirste ag teacht le spiorad na Nollag!

Anois, tá muid ag súil in oifigí NÓS go scaipfidh an dea-chleachtas seo fríd an tír agus, ar ndóigh, go mbeidh amhráin á gcur i láthair inár dteanga bhinn féin!

SCÉALTA EILE