Chonaic mé gráinneog bheo den chéad uair le 24 bliana an tseachtain seo caite. Ag tiomáint trí Bhaile Eaglaise i gCorca Dhuibhne ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a bhí mé nuair a chonaic mé amach romham ar an mbóthar í. Sheachain mé go cúramach í agus choinnigh orm i dtreo Bhaile an Chalaidh ach chuimhnigh ansin go raibh carr ar an mbóthar i mo dhiaidh agus chas mé timpeall ag súil go bhféadfainn í a fháil sula ndeachaigh an carr eile thairsti.
Phreab mo chroí nuair a tháinig an tiománaí eile timpeall an choirnéil sular bhain mé an ghráinneog amach agus bhí faitíos orm gur pancóg seachas gráinneog a bheadh ag fanacht orm. Buíochas mór le Dia bhí sí slán, mura raibh sí sábháilte, i lár an bhóthair fós agus í ina staicín faoi shoilse an chairr. Amach liom le seaicéad len í a phiocadh suas agus a chur faoi na sceacha ar thaobh an bhóthair.
Is í an ghráinneog an t-ainmhí (tíre) Éireannach is fearr liom. Glactar leis go forleathan nach ‘ainmhí dúchais’ de chuid na tíre seo í agus gur thug na Normannaigh anseo í mar bhia (tá blas muiceola orthu, deirtear liom). Ach is dóigh liom go gcaithfidh go bhfuil fírinne éigin sa méid a deir Niall Mac Coitir ina leabhar iontach Ireland’s Animals: Myths, Legends and Folklore go raibh siad anseo roimh na Normannaigh. B’fhéidir gur leid í go bhfuil ainm breá Gaeilge uirthi – an ghráinneog – seachas Gaelú éigin de ‘hérisson’ na Fraincise.
Chonaic mé ceann beo – ar éigean – den chéad uair nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois. Bhí mé féin agus m’athair ar an bpáirc peile ag teacht abhaile ó sheisiún traenála nuair a chonaic muid ‘buachaillí móra dána’ (a bhí b’fhéidir dhá bhliain níos sine ná mé féin ar thaobh na páirce agus gráinneog ina liathróid acu. Bhí ceathrar acu ann á ciceáil ó dhuine go duine. Chuaigh m’athair le báiní agus chuir an ruaig ar an gceathrar gránna ach chiceáil siad síos poll draenach an créatúr sular imigh siad cosa in airde.
Chaith m’athair cúig nóiméad déag ag iarraidh an créatúirín a thógáil aníos ón bpoll agus bhí sí brúite basctha agus fuil lena colainn bheag nuair a d’éirigh leis sa deireadh. Tháinig ‘Sonic’ chun cónaí linn i mbosca cairtchláir sa gcisteanach ar feadh cúpla seachtain agus a sáith de bhia madraí aici go dtí go raibh sí ar a seanléim arís.
B’fhéidir gur drochiompar mar sin is cúis leis an meath atá tagtha ar an ngráinneog sa mBreatain le tamall de bhlianta anuas. Léiríodh i dtaighde a rinneadh ar an ainmhí san oileán sin go bhfuil laghdú 50% tagtha ar líon na ngráinneog. Níl aon staitistic mar í ar fáil in Éirinn faoi láthair ceal taighde ach tá staidéar ar bun anois díreach ag lucht taighde in Ollscoil na Gaillimhe faoi ghráinneoga na hÉireann.
Is minice i bhfad a fheicim gráinneoga marbha i lár an bhóthair ná ceanna beo. Tá buntáiste mór na gráinneoige in aghaidh ionsaithe ó ainmhithe eile ina mhíbhuntáiste mór in aghaidh ‘ionsaithe’ ó charranna. Nuair a bhíonn eagla ar ainmhithe eile roimh ionsaí teitheann siad agus lorgaíonn siad clúdach agus foscadh. Nuair a bhíonn eagla ar an ngráinneog déanann sí liathróid cealg di féin agus fanann mar a bhfuil sí – os comhair tonna go leith meáchan. Fágann sé sin go maraítear go leor acu ar bhóithre na hÉireann. Maraítear níos mó fós nuair a lastar tinte cnámh, nuair a lomtar an féar le meaisín, agus nuair a scriostar na sceacha ar thaobh na mbóithre ina gcodlaíonn siad.
Cuireann na scéalta seo uilig an-bhrón orm agus is fuath liom na corpáin bheaga a fheiceáil ar thaobh an bhóthair. Is féidir linn cabhrú leis na créatúiríní ach cúpla rud beag a dhéanamh dóibh. Is fiú poll beag a ghearradh sa bhfál le go mbeadh siad in ann dul sa tóir ar bhia i do ghairdín. Ar ndóigh, cabhraítear le chuile ainmhí nuair a ghlantar bruscar agus nuair nach n-úsáidtear ceimiceáin chontúirteacha sa ngairdín. Bímis cúramach agus muid ag lomadh an fhéir agus seiceálaimis roimh ré an bhfuil gráinneog ina codladh sa bhféar fada. Mar a chéile aimsir na Samhna, na Féile Eoin, agus féilte eile a mbíonn tinte cnámh ann – seiceáil an carnán sula gcuireann tú lasair leis. Tugaimse €50 uair sa mbliain do Hedgehog Rescue Dublin, eagraíocht a chabhraíonn le gráinneoga i gcúige Laighean.
Tá súil agam níos mó gráinneog a fheiceáil sna garrantaí agus sna coillte sna blianta amach romhainn agus tá súil agam go gcabhróidh léitheoirí NÓS an domhan mór a dhéanamh níos sábháilte dóibh.