NÃl dabht ar bith ach go bhfuil ceantar Gaeltachta amháin sa tÃr i bhfad nÃos fearr ná na ceantair eile. Sea, is breá an áit é Dún na nGall, agus bÃmid sásta a dhóthain seal a chaitheamh i gConamara ó am go ham, ach má táimid chun an fhÃrinne a insint (agus insÃonn Gael Glas an fhÃrinne i gcónaÃ), b’fhearr linn bheith i gCiarraÃ, ar an leithinis álainn dhraÃochta siar ó Thrá LÃ.
Ach ná bac leis an Uimhir Dhé agus an Modh Foshuiteach ag ráthaÃocht ann, bhà mé in ann labhairt le Deirdre de BhailÃs, Bainisteoir Chorca Dhuibhne 2030, tionscadal a thugann deis don phobal áitiúil dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuala mé fúthu ar dtús nuair a thug siad cuairt ar COP26 i nGlaschú le carr leictreach, ach is léir go bhfuil i bhfad nÃos mó ar siúl acu.
Abair linn faoi Chorca Dhuibhne 2030- cathain a bunaÃodh é agus cad iad na spriocanna atá agaibh?
BunaÃodh CorcaDhuibhne2030 sa bhliain 2018 chun na hathruithe ó thaobh athrú aeráide a chur chun cinn. Táimid ag comhoibriú leis an bpobal áitiúil, le scoileanna, lucht gnó, an córas iompair agus earnáil na feirmeoireachta chun tástáil a dhéanamh ar athruithe a chruthóidh fostaÃocht nua ar phá maith ar
fud na leithinse agus a shábhálfaidh costais fuinnimh agus truailliú aeráide araon.
Tá páirtithe náisiúnta agus áitiúla ag obair le chéile ar an tionscnamh: Mol Cruthaitheachta agus NuálaÃochta Chorca Dhuibhne; MaREI, Ionad Taighde Fuinnimh, Aeráide agus Mara de chuid Fhondúireacht EolaÃochta Éireann atá faoi bhainistÃocht Choláiste na hOllscoile Corcaigh; LÃonraà BSL atá i gceannas ar chóras dáilte leictreachais na hÉireann; agus FCTTT, eagras forbartha pobail áitiúil. Cuid riachtanach den tionscnamh ná guth láidir an phobail sna pleananna a cheaptar. Tá saineolas ‘ón mbarr anuas’ agus infheistÃocht airgid riachtanach leis; agus is aidhm an-tábhachtach againn an méid a fhoghlaimÃmid a roinnt le ceantair eile i gcontae. Chiarraà agus le pobail ar fud na tÃre.
Tá sár-jab déanta agaibh chun nasc agus ceangal a chruthú leis an bpobal ar an leithinis. Conas a bhà sibh in ann é sin a bhaint amach?
Na mÃlte uaireanta an chloig ag obair go dian chun caidreamh a cothú le gach earnáil ar an leithinis. Tógann sé am agus obair. Chuireamar raon mór imeachtaà ar siúl ionas go mbeadh áit sa chomhrá ar fáil do raon mór do dhaoine. Cuid dóibh siúd ar fáil ar lÃne anseo.
Bhà deis iontach againn tosnú leis an tionscadal LÃonraà BSL mar bhÃomar in ann dul i dteagmháil le daoine chun bheith páirteach i dtrialacha maidir le painéil ghréine, córais bainistithe cadhnraÃ, pumpaà teasa aerfhoinse agus feithiclà leictreacha. Spreagadh na trialacha seo comhrá agus dÃospóireacht i measc na gcomharsan, rud a chuireann aiseolas luachmhar ar fáil.
Tuigimid go léir an tábhacht a bhaineann leis an earnáil fheirmeoireachta i gcás na haeráide in Éirinn, agus tá a fhios agam go bhfuil ana-chuid oibre déanta agaibh le feirmeoirà na háite. Cad tá a siúl agaibh leo faoi láthair? An dóigh leat go mbeimid in ann an bhearna idir muintir na cathrach agus pobal na tuaithe a mhaolú go deo, agus comhoibriú le chéile?
Cinnte tá an bhearna sin ann agus ag méadú ach táimid ag obair go dian chun é a bhriseadh sÃos. Seo iad na trà phrÃomhtionscadal atá ar siúl againn:
Pobal Fuinnimh Inmharthana do feirmeoirà déirÃochta: Tá feirmeoirà ar fud na leithinse páirteach i dtrialacha ar ghiniúint fuinnimh ar an bhfeirm a shábhálfaidh costais mhóra orthu feasta: táirgeadh féir do dhÃleatóir anaeróbach, painéil ghréine agus cumhacht hidrileictreach.
Scéim an-nuálach ná na braiteoirà InE (IdirlÃon na nEarraÃ) atá á dtriail ar 36 feirm. Is ‘stáisiún aimsire’ iad seo a thomhaiseann taise cré, airde aoiligh agus nithe eile; i gcomhar le clár digiteach de chuid Theagaisc, cuireann siad feabhas ar bhainistiú féir, agus déantar laghdú mór ar an leasú talún agus ar astaÃochtaà carbóin.
Cad faoi chás na Gaeilge? An gceapann tú go bhfuil ról ag an teanga inár réitigh ar athrú aeráide? Cad iad na fadhbanna atá ann a chuireann bac ar à a bheith nÃos lárnaÃ?
ChÃmÃd anseo go bhfuil an Ghaelainn fite fuaite trà gach togra toisc gurb é sin prÃomhtheanga roinn mhaith do na rannpháirtithe. Is breá leis na rannpháirtithe eile an deis a fháil chun feabhas a chur ar a chuid Gaelainne féin. Cinnte, bÃonn sé deacair ar eagraÃocht bheag ó thaobh acmhainnà agus buiséid gach rud a chur amach go dátheangach ach tá sé fÃorthábhachtach chun go mbeadh gach duine sa comhrá céanna. Táimid ag plé le cúrsaà ealaÃne chun teachtaireachtaà ó thaobh athrú aeráide a léiriú agus is dóigh liom go bhfuil buntáistà ag an Ghaelainn chun é sin a dhéanamh go hÃogair agus go brÃomhar.
Cloistear nÃos minice faoi na fadhbanna meabhairshláinte a chuireann athrú aeráide ar an aos óg ar fud an domhain. An bhfuil dóchas agus misneach agat go dtiocfaimid slán trÃd an éigeandáil, agus go dtiocfaidh ár n-oidhreacht slán trÃd chomh maith?
Is dóigh liom féin nach bhfuil réiteach nÃos fearr ar imnà ach an seans a thógaint chun beart a dhéanamh. Tá se an tábhachtach go mbeadh slite ann chun an chumhacht a thabhairt do dhaoine rud a dhéanamh – samplaà de sin ná bia áitiúla a cheannach, an bus a thógáil in ionad an chairr anois is arÃs. Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfeadh daoine tionchar na roghanna sin.
Cinnte, tá imnà orm faoin dúshlán atá ós ár gcomhair amach ach is féidir liom bheith dóchasach fad is táimid ag iarraidh tabhairt faoi! Ná dean faoin meas agus cé chomh tábhachtach is atá sé éisteacht le daoine agus an imnà atá ag cur isteach orthu. Nà aistriú teicneolaÃochta an dúshlán i gceist anseo ach athrú meoin.