Cruinniú mullaigh cinniúnach faoi thodhchaí na hAmasóine

Den chéad uair le 45 bliana tá na tíortha ina bhfuil foraois bháistí na hAmasóine suite ag teacht le chéile chun todhchaí an bhithchreasa a phlé.

Is in Belém na Brasaíle atá Cruinniú Mullaigh na hAmasóine á reáchtáil tar éis d’Uachtarán na tíre, Lula da Silva, a fhógairt gur gá aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú ar bhonn práinneach.

“Measaim go gcaithfidh an domhan breathnú ar an gcruinniú seo mar chloch mhíle,” arsa Lula.

“Ghlac mé páirt i roinnt cruinnithe roimhe seo agus ní raibh iontu ach caint, caint agus tuilleadh cainte. Faomhadh cáipéis ach níor tharla aon rud ina dhiaidh sin. Is é atá sa chruinniú seo an chéad deis mhór do dhaoine a thaispeáint don domhan an méid ba mhaith linn a dhéanamh.”

Tá sé geallta ag Lula go bhfuil sé chun laghdú mór a dhéanamh ar an dífhoraoisiú a mhéadaigh go suntasach faoin uachtarán a bhí in oifig roimhe, Jair Bolsonaro.

Cheana féin tá titim 66% tagtha ar an dífhoraoisiú sa Bhrasaíl le bliain anuas agus tá sé beartaithe ag an rialtas deireadh iomlán a chur leis faoi 2030.

Chun go mbeifear in ann an Amasóin a shábháil agus le go mbeidh seans ann teocht an domhain a choinneáil seasmhach, beidh bearta den chineál céanna ag teastáil ó na tíortha eile chomh maith: an Bholaiv, an Cholóim, Eacuadór, an Ghuáin, Peiriú, Suranam agus Veiniséala.

Tá sé mar sprioc ag an gcruinniú mullaigh polasaí coiteann i leith na hAmasóine a cheapadh do na hocht dtír ar fad, rud a bheadh ina chuidiú mór chun an fhoraois ríthábhachtach a chosaint.

Beidh a fhios againn i gceann cúpla lá cé acu ar éirigh nó ar éirigh leo teacht ar chomhaontú ar mhaithe le pobal agus le dúlra Mheiriceá Theas, agus do deimhin an Domhain trí chéile.

Tá tuilleadh eolais faoin chruinniú anseo.

SCÉALTA EILE