Cúig ghníomh is féidir a dhéanamh in aghaidh an phlaistigh

Ní dhéantar athchúrsáil ach ar 9% den phlaisteach ar domhan, rud a chiallaíonn go bhfuiltear ag tuar go mbeidh níos mó plaisteach san fharraige faoi 2050 ná mar a bheidh éisc.

Scaoileann plaisteach atá i dumpaí ceimicí nimhneacha a dhéanann truailliú ar chré agus ar uisce. Sáinnítear ainmhithe is éin mhara i mbruscarnach ar bharr uisce. Agus de bharr na mblianta a thógann sé ar phlaisteach lobhadh, méadaítear an méid dramhaíl sa domhan bliain i  ndiaidh bliana.

Cúig ghníomh is féidir a dhéanamh anois díreach

1.Is pacáistiú plaisteach is cúis le 42% den dhramhaíl phlaisteach ar domhan (141 milliún tona). Is féidir gearradh siar air seo gan mórán stró. Roghnaígí glasraí is torthaí nach ndíoltar i málaí plaisteacha. Tá craiceann agus clúdach nádúrtha bronnta ar fhormhór na nglasraí agus na dtorthaí cheana féin! Níl aon ghá le mála plaisteach ar bith, cuirigí díreach sa chiseán iad agus glanaigí sa bhaile iad.

2.Níl málaí plaisteacha ná pacáistiú plaisteach in-athchúrsáilte. Mar sin, caithfear an t-éileamh atá orthu a laghdú ionas gur féidir linn smacht a fháil ar na himpleachtaí. Bíonn méid áirithe málaí ceapairí ag aon am amháin i dteach ar bith. Níl fáth ar bith ann nach féidir iad a ghlanadh agus a athúsáid, agus in áit málaí ceapaire nó scannán cumhdaithe a cheannach riamh arís, tá clúdaigh chéir bheach ann le bia a chaomhnú.

3.Go forleathan, tá buidéil agus coimeádáin phlaisteacha in-athchursáilte, ach mura ndéantar athchúrsáil mar is ceart orthu, is fiú faic do bhosca athchúrsála sa bhaile! Déanaigí cinnte i gcónaí, go bhfuil an plaisteach glan, tirim agus scaoilte (féach na treoracha ó RecyclingListIreland.)

4.Ní lobhfaidh buidéal plaisteach go ceann 450 bliain. Is fiú an buidéal agus an cupáin in-athúsáidte a thabhairt leat i do Bag for Life i gcónaí. Ná ceannaígí an caife mura bhfuil do Keep Cup leat.

5.Bígí cróga san ollmhargadh agus abraigí amach é nuair nach bhfuil plaisteach de dhíth oraibh. Cinnte, ceapfar gur pian sa tóin sibh, ach rachaidh sé i bhfeidhm ar an stiogma a bhaineann le beith i bhur n-éicealaochra diaidh ar dhiaidh.

Cruthaíonn gach Éireannach thart ar 0.43 kg dramhaíl plaisteach in aghaidh an lae. Cruthaíonn gach Meiriceánach 0.34 kg gach lá. An difear atá ann ná go bhfuil daonra de bhreis is 325 milliúin duine sna Stáit — táimid ag treabhadh na páirce céanna ach tá níos mó clocha ar a dtaobhna den pháirc.

Is cuairteoirí muid uile ar an domhan agus ní féidir linn a bheith inár gcuairteoirí drochbhéasacha a thuilleadh.  Tá sé de dhualgais orainne an comhshaol a chaomhnú. Ní rún eile na hathbhliana é aghaidh a thabhairt ar an athchúrsáil nó ar laghdú úsáide phlaistigh. Caithfear rún saoil a dhéanamh ón bpointe seo ar aghaidh.

SCÉALTA EILE