Cuirimis deireadh le coincheap na plásóige!

Más in Éirinn a d’fhás tú aníos, is dóigh go raibh plásóg agatsa, ag duine de chuid cairde, nó ag gaol leat. An chearnóg bheag ghlas sin ar chúl do thí nó os a chomhair, a dtugadh d’athair nó do mháthair aire na huibhe di, agus a raibh ortsa an aire chéanna a thabhairt (in éadan do thola) agus tú sna déaga. 

Ach ar smaoinigh tú faoin bpaiste beag féir sin go domhain riamh? Tuige a bhfuil sé ann? Cé a chuir an chéad phlásóg agus cén fáth? Cén tairbhe atá ann dúinne, an cine daonna, nó do na hainmhithe a roinneann muid an pláinéad seo leo? 

Bhain an phlásóg le stádas, le héirí in airde, agus le haineolas faoin gcomhshaol agus faoi ról an chine daonna ina chaomhnú. Níorbh iad an chosmhuintir a chuir talamh amú ag cur féir timpeall an tí — má bhí talamh acu bhainidís úsáid aisti le barraí a chur nó beithígh a choinneáil. 

Ba iad lucht an rachmais, san Eoraip ar dtús, a d’fhógair don saol mór “féachaigí go bhfuil mo dhóthain talún agamsa gur féidir liom cuid di a chur amú”. 

Ar ndóigh, níorbh fhada go rabhthas ag sodar i ndiaidh na n-uaisle in Versailles agus tithe móra eile na hEorpa agus a cheapach beag féir ag gach duine faoi dheireadh an 20ú hAois. Níor leor an féar faoin am sin, agus theastaigh cloigeann leoin nó capaill nó iolair le rá leis an duine béaldorais go raibh tusa níos saibhre ná é. 

Taobh amuigh den aicmeachas agus an ceann-is-fearr-achas, is beag luach atá ag plásóga féir d’aon rud seachas don fhéar féin. Ní chuireann a bhfuil os a gcionn isteach nó amach ar na hangailteacha agus feithidí eile a bhíonn ag saothrú an ghoirt faoi thalamh, ach amháin sa gcás go bhfuil nimh nó tocsainí á gcur síos sa gcré. Ní chothaítear formhór na bhfeithidí tábhachta a mhaireann os cionn na talún ar fhéar plásóige, agus níl siad chomh tábhachtach sin don duine daonna ach an oiread. Is féidir sacar a imirt ag leibhéal an-amaitéarach (.i. leibhéal an tí!) ar thalamh a bhfuil nóiníní ag fás ann. 

Cuirimis deireadh, mar sin le coincheap na plásóige! Má tá plásóg ag do theach, bain úsáid cheart as an talamh sin. Cuir bláthanna fiáine a chabhróidh leis na meacha atá i mbaol a mbáis sa tír seo faoi láthair. Cuir glasraí nó torthaí a líonfadh do chófra féin sa gcisteanach. Má tá an spás agat, cur lochán beag isteach a thabharfaidh uisce agus folcadh d’éanacha na spéire.

Níl i bplásóg ach cur amú spáis agus acmhainní agus tá an t-uafás bealaí ann le húsáid níos fearr a bhaint as do sciar beag talún ná a bheith ag maíomh as cé chomh mín réidh agus glas is atá sé, agus beidh do chuid meabhairshláinte níos fearr as gan a bheith ag breathnú de shíor ar ghairdín mo dhuine béaldorais a bhíonn amuigh ag lomadh an fhéir le miosúr chuile shamhradh. 

SCÉALTA EILE