Tháinig an dea-scéala tráthnóna nach mbeifí ag dul ar aghaidh leis an seachbhóthar a bhí beartaithe do chathair na Gaillimhe. Tá an deis anois ann plean ceart iompair a chur i bhfeidhm, ní hamháin i gcathair na Gaillimhe féin ach ar fud an chontae, a dhéanfadh leas mhuintir na cathrach agus mhuintir na Gaeltachta araon.
Tá an cháil amuigh ar Ghaillimh gurb í an chathair is measa tráchta sa tír – agus seans san Eoraip fiú. Chuile mhaidin agus tráthnóna bíonn sé ina phlód tráchta ar bhóithre agus ar shráideanna na cathrach – chomh fada siar amach leis na bailte Gaeltachta, leithéidí na bhForbacha, Maigh Cuilinn, agus Baile Chláir na Gaillimhe.
Mar a dúirt mé in alt a scríobh mé ar an ábhar i mí Feabhra na bliana 2020 – “ní leigheasfaidh ‘lána amháin eile’ fadhbanna tráchta na Gaillimhe”. Is mithid dúinn anois breathnú ar an gcathair agus ar an gcontae trí chéile agus spriocanna uaillmhianacha móra millteacha a leagan romhainn.
An phríomhsprioc a chaithfidh muid a leagan ná líon na gcarranna a bhíonn á dtiomáint sa gcathair a laghdú. Sprioc eile ná líon na gcarranna a bhíonn á dtiomáint isteach is amach as an gcathair a laghdú. Ar deireadh uilig, b’fhiú an líon beag carranna a bhíonn á dtiomáint timpeall na cathrach a laghdú an oiread agus is féidir freisin.
Is féidir roinnt mhaith den obair thosaithe a dhéanamh anois díreach agus an chathair a dhéanamh níos fáiltí do choisithe agus do rothaithe. Tá leathbhliain ann ó tharraing na comhairleoirí cathrach siar ar an gcinneadh a rinne siad bealach rothaíochta a thriall i mBóthar na Trá. Bheadh an triall sin thart anois agus na réamhthorthaí againn dá mbeadh an misneach (nó an chiall) ag na comhairleoirí céanna.
Is gránna an chathair í Gaillimh don choisí agus don rothaí. Ní bheadh fonn dá laghad ar an ngnáthdhuine bualadh amach de shiúl na gcos ná de ghuairneáil na rothaí. Tógadh sa diallait mé féin, agus tar éis a bheith ag rothaíocht i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Luimneach agus bóithríní tuaithe na Seirbia is beag faitís a bhíonn orm an capall iarainn a úsáid i nGaillimh. Ach ní mar sin atá do chuile dhuine eile agus léirítear arís agus arís eile go dtagann feabhas ar chúrsaí tráchta (agus gnó) nuair a chuirtear isteach bealaí sábháilte siúil agus rothaíochta.
Níor leor bealach rothaíochta Bhóthar na Trá, ar ndóigh. Ba cheart glasbhealaí a thógáil go Bearna, Maigh Cuilinn, Baile an Dúlaigh, Baile Chláir na Gaillimhe agus Órán Mór. Agus níos faide fós. Is tograí iad seo a d’fhéadfaí a chur i gcrích go réasúnta sciobtha dá mbeadh an toil pholaitiúil ann agus a chuirfeadh feabhas as cuimse ar chúrsaí tráchta agus sábháilteachta sa gcathair.
Ach tá tograí níos mo fós ag teastáil agus fís ónar gcuid polaiteoirí – polaiteoirí na Gaeltachta go mór mór. Cén fáth nach bhfuil aon chaint ar thraein éadrom dála an DART a thógáil as Gaillimh siar go dtí an Cheathrú Rua? Agus stopanna ann i gCnoc na Cathrach, i sráidbhaile Bhearna, ag Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, i mbaile beag an Spidéil, Aerfort an Chaisleáin, TG4, Calafort Ros an Mhíl, agus Raidió na Gaeltachta? Cé méid duine atá ag obair i nGaillimh atá ina gcónaí ar an líne chaol sin atá tarraingthe i m’intinn agam? Cé méid duine a théann amach an bealach eile chuile mhaidin ag obair i gcomhlachtaí na Gaeltachta?
Bíonn na Gaeilgeoirí agus a dtuismitheoirí ina bplá ar bhóithre plódaithe na Gaeltachta chuile shamhradh. Tá isteach is amach le ceithre choláiste samhraidh idir an Spidéal agus an Cheathrú Rua – nárbh fhearr i bhfad dá mba í an traein bheag a bheadh dubh le daoine agus í ag imeacht siar go rialta ‘Domhnach na dTuismitheoirí’?
Bhíodh traein mhór ann siar go dtí an Clochán agus stáisiúin ann ar feadh an bhealaigh – tugtar ar ais í. Déantar nasc traenach idir Sligeach agus Gaillimh agus stáisiúin ann i dtuaisceart an chontae. Tá caint le tamall de bhlianta anuas ar an ‘Gluas’ (cé gur chiallmhaire i bhfad an t-ainm ‘Gluais’), córas tramanna ar mhúnla Luas Bhaile Átha Cliath i nGaillimh – tógtar an diabhal rud.
Dá laghad daoine a bhíonn ag tiomáint is ea is fearr agus dá fheabhas an tseirbhís iompair poiblí agus an t-infreastruchtúr glas is ea is mó seans a bhainfidh an pobal úsáid as. Is iomaí duine atá ina gcónaí i gCois Fharraige agus i gConamara – mar a bhfuil mé féin i mo chónaí – ag curtha amach faoi chinneadh an lae inniu. Ach is ar leas mhuintir na Gaeltachta a bheadh na moltaí seo uilig – is iomaí duine a bhíonn ag tiomáint nár ghá dó a bheith ag tiomáint.
Impím ar mo chomharsana Gaeltachta an fuinneamh atáthar a chur isteach i bhfeachtas ar son bóthar a chuirfidh le fadhbanna tráchta na cathrach a chur isteach i bhfeachtais ar son an taistil chliste ghlais ina gceantar féin agus istigh sa gcathair. Tá an dá rud ceangailte le chéile.
Tháinig feabhas mór ar sheirbhís an 424 le deireanas ach is féidir feabhas níos mó fós a chur uirthi – tuige nach mbeadh bus ann a thabharfadh óige na Gaeltachta abhaile slán sábháilte ó phubanna agus clubanna na cathrach? Tá feachtas ar bun cheana féin ag tuismitheoirí i gCois Fharraige an bóthar a dhéanamh níos sábháilte do ghasúir scoile – céard is brí le “bóthar sábháilte” ach bóthar gan mórán carranna air?
Ní thógfar an cuarbhóthar ach is féidir anois cathair agus contae i bhfad níos fearr a thógáil.