Níl an ghéarchéim aeráide ag baint mórán ceannlínte idirnáisiúnta amach faoi láthair – polasaithe Donald Trump sna Stáit Aontaithe agus an cinedhíothú uafásach i gcoinne na bPalaistíneach na scéalta nuachta atá i dtreis – ach bhí an mhí seo caite ar an mhí Márta ba theo san Eoraip riamh ó tosaíodh ar thaifid a choinneáil.
Dar leis an Copernicus Climate Change Service (C3S) de chuid an Aontais Eorpaigh gur ardaigh meánteocht na mór-roinne i mí Márta go dtí breis agus 6 Celsius, rud a d’fhág go raibh sé 0.26C ní ba theo ná mí Márta 2014, an ceann ba theo roimhe sin.
Ar bhonn domhanda bhí an teocht 1.6C níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch, rud ar ábhar mór imní é ó tharla go bhfuil sé de sprioc ag an domhan an difear sin a shrianadh go dtí 1.5C faoi 2100.
Tá rabhadh tugtha ag eolaithe arís agus arís eile go mbeidh tionchar mór ag aon ardú os cionn 1.5C ar aeráid an phláinéid agus go gcuirfidh an méadú teasa le minicíocht na dteagmhas adhaimsire.
“In áiteanna éagsúla san Eoraip bhí an Márta ba thirime ann riamh, agus i gceantair eile bhí sé ar an mhí Márta ba fhliche le 47 mbliana,” arsa Samantha Burgess, duine d’eolaithe réamhaisnéise an C3S.
Meastar go ngéarófar ar an luaineacht aimsire sin de réir mar a thiocfaidh ardú ar theocht an domhain agus, i gcás na hÉireann, go bhfeicfear tuilleadh stoirmeacha den chineál sin a bhuail an tír go holc an geimhreadh seo atá díreach imithe tharainn.
Le cois an teasa neamhghnách san Eoraip, thit muiroighear an Artaigh go dtí an leibhéal ab ísle in aon mhí Márta ag a bhfuil sonraí satailíte ag C3S ina leith.
Is le satailítí, longa, aerárthaí agus lárionaid aimsire a dhéanann an tAontas Eorpach monatóireacht ar an aeráid agus téann na taifid ar ais go dtí 1940.
Ba í 2024 an chéad bhliain riamh inar sáraíodh an teorainn idirnáisiúnta 1.5C, teorainn a luaitear go minic mar an líne dheiridh sa ghaineamh, agus ní haon dea-thuar iad na figiúirí aeráide is déanaí i dtaca le 2025 ach an oiread.