‘Éabhlóid tagtha ar an díospóireacht aeráide le tamall ach bearna mhór fós le líonadh’
an Gael Glas

Bhí an Gael Glas ag caint le grúpa cairde le déanaí, daoine atá ar an eite dheas ó thaobh a gclaonta polaitiúla de agus nach mbeadh go leor measa acu ar na Glasaigh de ghnáth, agus rith sé liom nach raibh duine ar bith acu ina shéantóir aeráide. 

Cinnte, níor aontaigh mé le gach a bhí a rá acu ach bhí siad ag iarraidh réiteach a fháil ar mhórcheisteanna an chomhshaoil. Is léir go bhfuil éabhlóid tagtha ar an díospóireacht aeráide le roinnt blianta anois. Ní chloistear faic a thuilleadh faoi fhírinne an athruithe aeráide, glacann (beagnach) gach éinne leis sin. Ach ní hé sin a rá go leanfaidh gníomh an t-athrú meoin sin. Tá bearna mhór ann fós le líonadh chun daoine a spreagadh agus a ghríosú.

Léirigh trí eachtra é sin dom. Ar dtús an chonspóid a lean an cinneadh a rinne an tAire Eamon Ryan mar gheall ar bhaint agus úsáid móna. Cé gur eascair an cinneadh áirithe sin ó iarracht truailliú aeir a laghdú agus sláinte an phobail a chosaint, ba léir nach raibh muintir na tuaithe sásta glacadh le boicín na cathrach ag teacht agus ag tabhairt orduithe conas maireachtáil i gceart. Is cuma cén leas a dhéanfadh sé dóibh, mura bhfuil infheidhmeacht na teachtaireachta soiléir beidh sé fíordheacair tacaíocht a fháil agus daoine a mhealladh.

Feictear an dearcadh sin go minic nuair a bhíonn bealaí rothair agus an córas iompar poiblí idir camáin ag an rialtas nó ag comhairlí áitiúla – is cuma sa tsioc le duine i bhfiántas Chonamara faoi raon rothar i gcathair na Gaillimhe, ach amháin go gcuirfidh sé moill air agus é ag tiomáint isteach. Caithfidh go bhfuil leas pearsanta le feiceáil ann agus leas is féidir a bhrath go luath sula nglacfaidh daoine leis. Agus tá sé i bhfad bhfad níos éifeachtúla má chloiseann tú an teachtaireacht agus an argóint ó dhuine a bhfuil tú mór leis, duine a thuigeann na deacrachtaí a bhaineann leis an ngníomh. 

An dara heachtra a chuir olc orm le déanaí ná dream thall in London ag ligean aer amach ó bhoinn na gcarranna móra, na SUVanna a bhíonn le feiceáil ar fud na cathrach thall (agus anseo!) le deich mbliana anuas. Na “Tyre Extinguishers” a thugann siad orthu féin agus iad ag iarraidh an cead sóisialta a bhaint d’úinéirí na SUVanna. Níl aon dabht ach go bhfuil na Range Rovers, na 4WDs agus na Dodge RAMs ina bplá mhillteanach sna cathracha. Cuireann siad coisithe agus rothaithe i mbaol, leanaí agus daoine leochaileacha go háirithe agus de réir na fianaise, tá gach dul chun cinn atá déanta ag innealtóirí le fiche bliain anuas ó thaobh éifeachtúlachta de sáraithe ag meáchan agus méid na SUVanna. Bíodh sin mar atá, an gcabhróidh feachtas na múchtóirí? Ní dóigh liom é. Fiú dá mbeadh gach SUV sna cathracha díbeartha, níl i gceist ach níos lú ná 10% de na hastaíochtaí carbóin. Agus i gcoinne sin, tharraingeodh sé an méid sin conspóide agus chuirfeadh sé as an méid sin daoine nárbh fhiú é. Sa chás seo, tá an teachtaireacht ceart go leor i. tá na SUVanna go hainnis. Ach tá an tslí ina gcuirtear in iúl é lochtach agus cuirfidh sé cúis na haeráide ar gcúl.

Agus an ceann deireanach? Bhuel, bhí mé ar mo sháimhín só inné ag féachaint ar na scuainí fada in aerfort BÁC nuair a chonaic mé giolc ó Philip Boucher-Hayes ag rá gur cheart dóibh siúd ar cuireadh moill orthu a bheith ag smaoineamh faoin éigeandáil aeráide agus gur mhór an phribhléid deis a bheith acu eitilt sa chéad áit. 

Ar ndóigh, bhí fadhb leis an teachtaireacht agus an teachtaire (fear a chaith go leor ama san aer!), ach an rud is measa faoi seo agus an chúis leis an raic uafásach a spreag sé ar líne agus ar an haerthonnta ná nach raibh an t-am oiriúnach. Samhlaigh an méid a dúirt sé a rá go díreach leis na daoine sa scuaine! 

Tá cath amháin buaite againn mar sin – cath na heolaíochta agus na tuisceana. Ach ní chiallaíonn sé sin go mbuaimid an chéad chath eile, ceann a bheidh i bhfad níos casta agus níos tromchúisí. Is rud amháin é fadhb a aithint, ach is céim ollmhór eile í an t-eolas sin a úsáid chun na athraithe atá ag teastáil a dhéanamh. Ní bhfaca mé go fóill aitheantas ó pholaiteoirí cé chomh mór is a bheith an t-athrú saoil atá i ndán dúinn, de bharr ár bhfreagra ar athrú aeráide nó an t-athrú aeráide é féin. Mar a dúirt mé cheana, caithfimid labhairt le daoine i slí bhéasach, spreagúil agus dhearfach, caithfimid an pobal áitiúil a chur i dtús áite agus a ghríosú i gcónaí, caithfimid labhairt leis an gcroí chomh maith leis na intinn agus an bhéim a bhogadh ó na híobairtí go dtí na buntáistí.

Agus conas is féidir teachtaireachtaí mar sin a scaipeadh? Bhuel ar dtús, ba cheart seasamh siar ar feadh nóiméid agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo. An bhfuil an teachtaireacht soiléir agus spreagúil? An ndéanann sé níos mó dochair ná leas? An é mise an duine is cuí chun é a thabhairt? Agus an é seo an t-am ceart chun é a scaipeadh? Mura bhfuil, seans go mbeadh sé níos fearr fanacht i do thost ar feadh tamaillín!