D’fhás mé aníos sa chathair ach bhí gairdín deas leis an teach inar tógadh mé agus ba mhinic a thagadh éanacha beaga ar cuairt.
Is minice na cuairteanna fós nuair a d’fhágadh mo mháthair cnónna amach, cleas atá foghlamtha agam féin ó shin.
Baininn an-sult as a bheith ag amharc orthu.
Thiocfadh liom tamall fada a chaitheamh i mo shuí ag an fhuinneog ag amharc ar na gealbhain agus ar na druideanna, cé go raibh mé chomh hóg sin go raibh míle rud eile ann le mé a choinneáil gnóthach.
Ní raibh gairdín agam ó d’imigh mé ó theach mo mháthar breis agus 15 bliana ó shin agus chronaigh mé an tsíocháin a thug an seanghairdín s’againn dom.
Tearmann beag i lár na cathrach a bhí ann agus pé uair a bhínn ar cuairt ar mo mháthair, chaithinn seal beag amuigh ann.
Ansin ar na mallaibh bhog mé féin agus mo theaghlach go dtí teach álainn faoin tuath thíos i gCo. an Dúin.
Anois tá saol eile ar fad againn.
In áit na bhfoirgneamh mór, an tráchta agus na ndaoine ar fad, níl le feiceáil taobh amuigh den fhuinneog ach an nádúr álainn.
An chéad rud a rinne mé nuair a bhog muid isteach ná cnónna a chur amach do na héanacha agus anois tá neart acu le feiceáil.
Caithim cuid mhór ama anois ag amharc orthu agus tá m’fhear céile agus mo mhac ar an dóigh chéanna.
Tógann sé mo chroí na héanacha a fheiceáil taobh amuigh den fhuinneog gach lá.
Tá go leor speiceas difriúil ann agus d’aithin mé nach raibh a fhios agam cad é an t-ainm a bhí orthu ar fad.
Chinn mé fáil amach.
An Rí Rua (Chaffinch)
Rí an ghairdín agus an glasán (finch) is coitianta sa tír.
Tchítear é i gcoillearnacha, ar thalamh feirme, i bpáirceanna agus i ngairdíní.
Tá brollach agus aghaidh an fhireannaigh rua. D’aithneofá an bhaic agus baithis liath air.
Tá an baineannach liath ach is féidir í a aithint ar na sciatháin – cosúil leis an fhireannach, tá siad dubh le marcanna bána orthu.
An Spideog (Robin)
An t-éan is cairdiúla sa ghairdín.
Má chuireann sé aithne mhaith ort, seans go nglacfaidh sé cnó ó do lámh. Bíonn siad i gcónaí thart fán ghairdín agus tchítear iad go háirithe sa gheimhreadh.
Tá brollach dearg acu chun a gcuid críoch a chosaint. Troidfidh siad go fíochmhar chun déanamh amhlaidh.
Tá an baineannach agus an fireannach díreach mar an gcéanna.
Níl an brollach dearg ag na spideoga óga.
Glasán Darach (Green Finch)
Ní fhaca mé iad seo riamh sa chathair ach tá go leor acu amuigh faoin tuath.
Galánta ar fad, tá an fireannach glas agus buí le marcanna buí ar na sciatháin.
Níl an baineannach chomh dathúil leis, ach seachas sin tá sí díreach mar an gcéanna.
Dreoilín (Wren)
Ceann de na héanacha is lú in Éirinn, tchítear é i gcoillte, ar thalamh feirme, i bpáirceanna, i ngairdíní agus ar na hoileáin, ach tá siad cúthaileach go leor.
Cé go bhfuil dreoilíní feicthe agam i mo ghairdín féin, ní bhíonn siad thart chomh minic agus a bhíonn na héanacha eile.
Ar ndóigh, ta Lá an Dreoilín ann ar 26 Nollaig gach bliain.
Seantraidisiún de chuid na nGael é dul amach ag seilg an dreoilín agus ceiliúradh a bheith ag na cleamairí i ndiaidh dóibh an dreoilín a cheapadh.
Tá an traidisiún seo beo go fóill i gceantair áirithe in Éirinn. Léigh faoi anseo.
Meantán Gorm (Blue tit)
Éinín álainn agus chomh dathúil le héan trópaiceach.
Tchítear é go minic sa ghairdín. Is breá leis cnónna agus úsáideann sé boscaí neadaireachta chomh maith.
Tá an bhaithis agus na sciatháin gorm agus tá an brollach buí.
Meantán Dubh (Coal tit)
Tá an bhaithis dubh agus tá na sciatháin donn nó liath. Tá stríoc bhán ar chúl an mhuiníl.
Tá sé níos cúthaile ná an meantán gorm ach tá sé feicthe chomh minic céanna agam féin sa ghairdín.
Meantán Mór (Great tit)
Tá sé níos mó ná an dá speiceas thuasluaite.
Tá an cloigeann dubh agus tá marcanna bána ar an aghaidh.
Thabharfá faoi deara a bhrollach buí a bhfuil stríoc dhubh air agus na sciatháin dhonna atá aige agus é ag eitilt.
Gealbhan Binne (House sparrow)
Chonaic mé iad seo go minic i ngairdín mo mháthar i mBéal Feirste ach níl an oiread céanna acu amuigh faoin tuath.
Deirtear go bhfuil na huimhreacha ag titim ar fud na hEorpa.
Tá dath donn liath orthu agus níl mórán gnéithe sainiúla acu. Bíonn siad i gcónaí i ngrúpaí, go háirithe thart ar na cnónna.
Ní fhaca mé ceann leis féin riamh.
Lon Dubh (Blackbird)
Bíonn siad go minic i mo ghairdín ach ní bhacann siad leis na cnónna. Bíonn siad amuigh ar an fhéar.
Tá an fireannach dubh le gob oráiste agus tá an baineannach donn le gob dorcha.
Is breá liom a bheith ag éisteacht leo ag ceol agus tá a gceol cluinte agam go minic i lár na hoíche, i bhfad níos minice ná ceiliúr na n-éanacha thuasluaite.
Druid (Starling)
Bhíodh na héanacha seo sa ghairdín i mBéal Feirste go minic agus tá siad anseo faoin tuath i gCo. an Dúin chomh maith.
Bíonn ealtaí (flocks) acu ann.
Ní bhacann siad leis an bhia a chuirim amach ach bíonn siad ar lorg feithidí san fhéar. Tá siad dubh le spotaí bána ar a mbrollach.
Tá siad níos lú ná an lon dubh ach níos mó ná na héanacha eile atá luaite thuas.
Is mór an spórt iad ár gcairde beaga a bhíonn ag súgradh leo sa ghairdín… cuirimis aithne orthu!