Éiceamharú: cad atá ann agus an ndéanfar dlí de?

Ag tús na míosa seo d’iarr trí náisiún san Aigéan Ciúin – Vanuatú, Fidsí agus Samó – ar an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (CCI) i Háig na hÍsiltíre ‘éiceamharú’ a chur le liosta na gcoireanna a chlúdaíonn an institiúid idir-rialtasach.

Tá an t-athrú aeráide ina bhagairt ollmhór ar na hoileáin sa chuid sin den domhan, go háirithe ó thaobh ardú leibhéal na mara de, agus tá rialtais na dtíortha thuas ag féachaint le srian a chur lena éifeachtaí díobhálacha.

Cad is ‘éiceamharú’ ann, áfach, agus an bhféadfadh sé go ndéanfaí dlí idirnáisiúnta de?

“Gníomhartha mídhleathacha nó ainsrianta a dhéantar agus fios ag an ghníomhaí go bhfuil dóchúlacht mhór ann go ndéanfaidh na gníomhartha sin dochar forleathan nó fadtéarmach don chomhshaol.”

Sin é an míniú atá ar ‘éiceamharú’ in aighneacht oifigiúil na dtrí náisiún ón Aigéan Ciúin, rud a fhágann go bhfuil gach cineál dochair san áireamh ann: an truailliú aeir de bharr breoslaí iontaise, an truailliú uisce de bharr plaistigh agus an iliomad ceimiceán, an dífhoraoisiú, an iomarca dramhaíola, an caillteanas gnáthóige agus tuilleadh eile nach iad.

Is é is sprioc leis an mholadh go mbeifí in ann an dlí a chur ar aon duine, ar aon eagras nó ar aon rialtas as damáiste a dhéanfadh siad go feasach don éiceolaíocht.

Chiallódh sé sin go ndéanfadh an CCI coireanna éiceamharaithe a fhiosrú agus go dtabharfaí breithiúnas ina leith, díreach mar a dhéantar faoi láthair i gcás an chinedhíothaithe agus coireanna cogaidh.

“Tá léirscrios místuama an dúlra faoi lán seoil agus dá mba mhaith linn a bheith inár gcónaí ar phláinéad a chothaíonn an bheatha, ní mór dúinn gníomhú anois,” arsa Odo Tevi, Buanionadaí Vanuatú chuig na Náisiúin Aontaithe, le déanaí.

“Dá n-aithneofaí gur coir é an t-éiceamharú, teachtaireacht láidir a bheadh ann don domhan mór: gearrfar pionós as an scrios a dhéantar ar an dúlra. Iad siúd atá freagrach as léirscrios an chomhshaoil, caithfear iad a thabhairt chun cuntais, bíodh siad ina rialtais, ina gcorparáidí nó ina ndaoine aonair.

“Is minic nach dtugtar mórán airde ar an dochar a dhéantar don chomhshaol go dtí go dtéann sé i bhfeidhm ar an duine daonna. Ach bíonn sé rómhall faoin am sin go hiondúil. Is gá dúinn beart a dhéanamh láithreach bonn lena chinntiú go ndéanfar na héiceachórais a chosaint go fadtéarmach.”

In ainneoin na práinne, áfach, tá bealach fada le dul sula nglacfar leis an éiceamharú mar choir idirnáisiúnta, má ghlacfar leis ar chor ar bith.

Tá 125 thír páirteach sa CCI agus is dócha go mairfidh an plé i leith an mholta tamall de bhlianta.

Beidh pobail náisiúin bheaga an Aigéin Chiúin, mar aon leis na milliúin daoine eile ar fud na cruinne, ag súil leis nach ndéanfar barraíocht moilleadóireachta agus go mbeidh cosaint dlí sa bhreis ag an dúlra go luath.

Is léir don dall go bhfuil sé de dhíth.

SCÉALTA EILE