• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

1ú Márta 2017

Comhshaol#wow

‘Éire Fhiáin’ i bPictiúir
Turas farraige, Turas tíre, ag tosú anocht ar TG4!


Gan an chéad chlár craolta fós, tá “Planet Earth na Gaeilge” á bhaisteadh ar an tsraith faisnéise nua dhá chuid Éire Fhiáin a bheas ag tosú anocht, Dé Céadaoin ag a 9.30in ar TG4.

Ar Sceilg Mhichíl amach ó chósta Chiarraí a chuireann Eoin Warner, láithreoir na sraithe (thíos), tús lena thuras farraige agus tíre, a thógann an bealach ar fad suas go Cionn Mhálanna i gContae Dhún na nGall é.

“Thóg sé bliain orainn an turas a dhéanamh, agus muid ag nochtadh na n-ainmhithe áille atá ar fáil agus ag léiriú na dtírdhreach agus na ngnáthóg éagsúil ar an bhealach,” arsa Eoin le NÓS.

“Is é an rud is mó a thugas liom ón dturas seo ná an saibhreas dúlra atá againn ar an gcósta seo – bhí sé dochreidte mar thuras agus mar bhliain.”

Coilíneacht puifíní agus cánóga dubha i gCiarraí atá i measc na gcéad ainmhithe a chasfar orainn sa tsraith.

Gach bliain filleann na héin ón bhfo-Antartach ar an nead céanna ar Sceilg Mhichíl chun pórú a dhéanamh.

“Tá an choilíneacht éin mhara ar na Scealga ar na cinn is tábhachtaí, ní amháin sa tír seo ach san Eoraip chomh maith.”

Cuid den turas bhí Eoin ag taisteal i gKayak, rud a thug deiseanna iontacha d’fhoireann Crossing the Line, a léirigh an tsraith, seatanna iontacha a fháil.

“An rud faoin gKayak ná go bhfuil tú chomh híseal sin san fharraige go mbraitheann tú go bhfuil tú mar chuid den fharraige. Ní chuireann tú isteach ná amach ar na hainmhithe ach oiread.”

Anuas ar na héin, féachann Eoin ar mhíolta móra dronnacha in aice na mBlascaodaí, mar aon le grúpa scréachóg reilige, agus an t-aon reiptíl dhúchasach atá againn, an t-earc luachra i mBoirinn.

Beidh tuilleadh iontas ón dúlra sa dara cuid den chlár a chraolfar Dé Céadaoin seo chugainn 8 Márta.

Casaigí ar na cnaipí agus bainigí sult as Éire Fhiáin! 

 

Scéalta Eile

‘Tá bealaí rothar beagnach chomh maith céanna do shláinte an phobail is atá vacsaíní’

Iarrtha ar an bpobal gan cairéid a thabhairt do ‘réinfhianna’ Pháirc an Fhionnuisce

‘Tá géarghá ann grúpa aeráide Gaeilge a bhunú’An Gael Glas

Dhá réiteach ag brath ar a chéile – an Ghaeilge agus an Éiceolaíochtléirmheas le Liam Mac Cóil

€5,000,000 curtha ar fáil do bhealaí glasa i nGaeltacht na Gaillimhe



Nós

Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

Déan. Bris. Léigh.
  • Faoi NÓS
  • Físeáin NÓS
  • Gradaim NÓS 2021
  • Fógraíocht
  • Teagmháil
  • About NÓS
Teagmháil

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
eolas@nos.ie


cc.white  2020 Rua Media