Féile ghlas Bia an Daingin

Beidh áthas ar Eoin Ó Catháin, a scríobhann do NÓS, a chlos, go mbeidh aitheantas á thabhairt do Mhaura Higgins ó Oileán an Ghrá, ag Féile Bídh agus Dí Chorca Dhuibhne i mbliana!

Má thagann Eoin, nó aon Eoin eile go dtí an fhéile, féadfaidh siad ‘bacon bloody Máire’ a bhlaiseadh — deoch meisciúil déanta le sú trátaí, bagún leasaithe agus vodca. (Beatha duine a thoil)!

Is i dtábhairne Hannie Agnes ar Shráid an Doirín, a bheidh an méid sin le fáil. Beidh na mílte duine ag triail ar an Daingean an deireadh seachtaine sin, an chéad deireadh seachtaine i mí Dheireadh Fómhair agus gan dabht, beidh a lorg á bhfágáil acu ar an timpeallacht i gCorca Dhuibhne.

Chun dul i ngleic, ábhar éigin, leis sin, tá grúpa a thugann Transition Town Corca Dhuibhne orthu féin, ag luí amach orthu féin ag cur pacáistí déanta as bambú le chéile, pacáistí ina mbeidh scian, forc agus spúnóg, babhla, cupán agus pláta.

 Tá lucht eagair na féile ag impí ar dhaoine na pacáistí seo a cheannach agus a úsáid arís is arís eile agus iad ag blaisínteacht ar fud an bhaile.

Beidh ionaid rinseála ar na sráideanna ina mbeidh lucht dílse an chomhshaoil ábalta a ngréithe bambú a ní agus a úsáid arís ag an gcéad bhialann eile. Mura bhfuil an €10 agat le caitheamh ar an bpacáiste seo, féadfaidh tú do chuid áraistí féin a bhreith ón mbaile leat. 

Ina theannta sin i mbliana, tá an lucht eagair ag súil nach mbeidh aon phlaisteach á úsáid acu agus na bialanna ag tabhairt smeacháin bia amach. Ábhar in-bhithmhillte a bheidh in úsáid, a deirtear liom. Go dtí seo le linn na féile, gheofá burgar beag in áit amháin, a thabharfaí duit ar phláta plaisteach, pláta a bheadh caite uait agat sula mbeadh an burgar alptha agat. 

Sa chéad áit eile, gheofá leathghloine fíona i ngloine phlaisteach, agus isteach sa bhosca bruscair leis sin leis, mar aon leis na haon ní eile a bhlaisfeá i rith an lae, nó dhá lá má tá ampla ort.

Mar sin, má tá sibh ag dul chuig an Daingean, tugaigí libh pláta!

SCÉALTA EILE