Coicís ó shin, bhronn an Zayed Future Energy Prize – comórtas idirnáisiúnta a aithníonn éachtaí i réimse an fhuinnimh inmharthana agus inbhuanaithe – bhronn siad $4 milliún ar scoileanna ar fud na cruinne as scoth na nuálaíochta. Tháinig grúpa dálta as Baile Átha Cliath amach chun tosaigh i measc scoileanna na hEorpa. Labhair NÓS leis an Ghael óg Barry Heneghan a chuaigh anonn go Abu Dhabi leis an duais $100,000 a bhailiú.
1) Inis dom faoin mórchomórtas seo?
Is comórtas domhanda é a thugann aitheantas do smaointe a chabhróidh le muintir na cruinne seo fuinneamh inbhuanaithe a chur ar fáil.
Is é sin le rá go dtugann an Zayed Future Energy Prize maoiniú do na tionscnaimh is fearr, dar leo.
Tá roinnt rannóga éagsúla ann. Bhí muidne sa rannóg ‘Global High School’, agus bhuamar duais na hEorpa!
2) Cén fáth a ndeachaigh tú go Abu Dhabi?
Is mac léinn mé i gColáiste Belvedere, i mBaile Átha Cliath.
I rith na bliana bhí mé féin agus roinnt buachaillí eile ag obair ar bhealaí éagsúla ar an bhfeirm eiceolaíoch atá sa scoil.
Roghnaíodh mise agus mac léinn eile, Lorcan O’Kelly, le dul go Abu Dhabi le hionadaíocht a dhéanamh don scoil.
3) Cén saghas rudaí a dhéanann sibh leis an bhfeirm?
Bímid ag obair le comhordaitheoir na feirme, Simon O’Donnell, ag breathnú ar chúrsaí bia, agus ag iarraidh foinsí bia a chruthú i lár na cathrach.
Chuige sin, tá beacha againn sa scoil, agus as sin bíonn mil againn. Ach is í an tseoid a bhuaigh an comórtas dúinn ná ár gcóras uiscephonaice.
4) An féidir leat ‘uiscephonaic’ a mhíniú le do thoil?
Cinnte, is meascán é den uisceshaothrú (ainmhithe uisceacha a choinneáil) agus an hidreaponaic (bealach le plandaí a fhás in uisce, gan chré).
Go bunúsach, samhlaigh go bhfuil plandaí ag fás im umar uisce agus go bhfuil iasc in umar eile fúthu.
Téann an t-uisce ó na plandaí síos chuig umar na n-iasc. Ansin úsáidtear pumpaí chun uisce na n-iasc a chur ar fáil do na plandaí arís.
Is bealach iontach éifeachtach é le hacmhainní a úsáid.
Bíonn an-suim acu sa Mheánoirthear i gcleachtas den chineál seo, toisc go bhfuil uisce chomh gann sin ann.
5) Mol an óige… agus rachaidh sí go Abu Dhabi! Conas a bhí an turas?
Dochreidte! D’fhill mé ón turas go hiomlán spreagtha ag an eispéireas.
Bhí deis agam bualadh le déagóirí as gach carn den domhan, agus tuiscint a fháil ar an saol atá acu.
Bhí roinnt acu ag iarraidh cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim agus bhí mé lán sásta cabhrú leo!
Chomh maith leis sin bhuail mé leis an oiread sin daoine móra le rá.
Ba é Sheikh Zayed bin Sultan Al Nahyan, a bhí ina thús ceannaire i bhforbairt Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, a bhunaigh an Zayed Future Energy Project, agus is é a mhac atá i gceannas air anois.
Sin é ar clé in aice liom sa grianghraf thuas, agus Uachtáran na Séiséal, Danny Faure le mo thaobh.
6) Cad a dhéanfaidh an scoil leis an airgead?
Cabhróidh an $100,000 linn ár dtionscadal uiscephonaice a fhorbairt.
Is gá anois painéil ghréine a shuiteáil isteach mar go dteastaíonn cumhacht ó na pumpaí, agus bheadh soilse ar an bhfeirm ina chabhair dar ndóigh.
Nuair a bheidh na painéil againn, beidh an fheirm in ann a bheith ag feidhmiú léi.
Beidh an Zayed Future Energy Prize 10 mbliana ar an bhfód an bhliain seo chugainn. Tuilleadh eolais anseo.