Foirgnimh Fásra Mhaidrid

Tá foirgnimh agus spásanna folmha tréigthe i bpríomhchathair na Spáinne, Maidrid, á gclúdach le fásra chun dul i ngleic le hardú teochta agus le tuillte sa chathair.

Mar chuid den phlean, a gcaithfear na milliúin euro leis, beidh páirceanna na cathrach á leathnú amach, gairdíní uirbeacha á dtógáil ar spásanna folmha agus ligfear duilliúr ar bhallaí agus ar dhíonta fhoirgnimh na cathrach.

Chomh maith leis an ardú teochta, tá breis fearthainne ag cothú deacrachtaí sa chathair le fada.

maidrid

In áit 22 de na cearnóga pábháilte, beidh páirceanna féarmhara ann anois leis an fhearthainn a shú isteach.

€4.3 milliún a chaithfear le crainn a chur gar don abhainn a ritheann trí Mhaidrid, áit ar scrios tuile ceann de phríomhbhóithre na cathrach thiar in 2003.

Mar chuid de na pleananna, cuirfear bac ar charranna ar phríomhshráideanna lár na cathrach agus tá crainn le cur sna spásanna nua do choisithe.

Táthar ag súil go dtiocfaidh na gnéithe éagsúla de mhórphlean glas Mhaidrid le chéile de réir a chéile agus go rachaidh siad i dtreis leis na fadhbanna a bhaineann le hathrú aeráide: ardú sna laethanta a mbíonn brothall damanta ann, triomach uafásach, agus níos mó tuillte nuair a chuireann sé fearthainn.

Ó tharla i lár na Spáinne í, chothaigh aimsir the an tsamhraidh fadhbanna do

Mhaidrid riamh, ach is mó na deacrachtaí le blianta beaga anuas.

Chothaigh an tonn teasa le linn Mheithimh anuraidh an mhí is teo riamh i Maidrid, ó thosaigh an taifead.

Faoin bhliain2050, meastar go mbeidh 20% níos mó laethanta a mbeidh teas tíoránta ann le linn an tsamhraidh agus go dtitfidh 20% níos lú fearthainne.

Plean é seo atá dírithe ar riachtanais áirithe Mhaidrid ach léiríonn taighde gur ceart a mhacasamhail de chur chuige – a bhfuil réiteach nádúrtha mar bhunús aige – a chur i bhfeidhm i gcathracha ar fud an domhain.

Coinnímis glas é!

SCÉALTA EILE