Ní spásairí amháin iad muintir an Stáisiúin Idirnáisiúnta Spáis (SIS) a thuilleadh – is feirmeoirí iad chomh maith.
Den chéad uair riamh d’ith na spásairí glasraí a d’fhás siad féin ar an stáisiún agus ba í an leitís dhearg a bhí mar bhéile acu.
D’éirigh leo an glasra a chothú agus a fhás i dtimpeallacht mhicrea-dhomhantarraingte an stáisiúin agus meastar gurb í an chéad chéim i dtreo tuilleadh plandaí inite a fhás, ní amháin ar an SIS ach fosta ar spásárthaigh agus b’fhéidir fiú ar phláinéid eile amach anseo.
Beidh breis tábhachta lena leithéid nuair a bheas turais úra chuig an Ghealach, Mars nó áiteanna eile sa chruinne á mbeartú.
Dar le saineolaithe go bhfuil buntáistí síceolaíochta le bia a fhás sa spás chomh maith.
Deir an t-eolaí de chuid NASA Alexandra Whitmire gur caitheamh aimsire foirfe do spásairí é an gharraíodóireacht.
“Tá an-luach ag baint le cuid den domhan bheith leat agus tú sa spás,” ar sise.
“Is féidir le saol an spásaire bheith uaigneach ach má tá tú ag tabhairt aire do ghlasraí, nó fiú bláthanna amach anseo, beidh tionchar dearfach aige sin ort.”
Forbairt dhearfach gan aon agó agus, cá bhfios, seans go bhfeabhsóidh sé taidhleoireacht eiseapholaitiúil agus go gcuirfear fáilte roimh eachtráin bualadh isteach le haghaidh greim bia…
Íomhánna: NASA