Cad é? Níl trácht cloiste agat ar ‘dumpster diving’ go fóill? Bhuel tá a cuid taighde déanta ag Caitlín Nic Íomhair faoin treocht seo agus roinneann sí an t-eolas linn anseo…
Is beag duine dínn a rachadh go tóin bhosca bruscair le béile na hoíche a sholáthar, ach tá an nós sin ag dul i dtreis i gcathracha móra na hEorpa le cúpla bliain anuas.
Tugtar ‘dumpster diving’ air seo – ransú araidí i nGaeilge – agus shílfeá ar an chéad radharc gurb é réiteach gach faidhbe é.
Ní chuirtear bia maith amú, ná an obair agus an fuinneamh a bhí de dhíth lena soláthar. Ní gá é a sheoladh chuig líonadh talún agus, ar ndóigh, margadh iontach atá ann don té atá sách díograiseach lena fháil.
Tá cath ar siúil faoi láthair, áfach, idir na daoine a thógann an fuíoll gan chead agus na comhlachtaí nach bhfuil sásta scaoileadh leis in aisce. Ceist achrannach dlí í cé leis an bruscar, agus níltear d’aon tuairim an féidir dlí a chur ar dhuine de shiocair é a ‘ghoid’.
Tráth dá raibh, thugadh na hollmhargaí a bhfuíoll do charthanas áitiúla – Clann Síomóin agus a leithéid – ach tá an nós sin imithe le sruth, cuid mhaith, le blianta beaga anuas.
Cibé rud nach ndíoltar anois, is iondúil go gcaitear amach é. Uaireanta déantar iarracht fiú an bia a mhilleadh trí smál a chur air le nach bhfaighidh dumpster diver éigin greim air.
Ní ag caint ar an corr-phíosa toraidh imithe as dáta atá muid ach an oiread.
Gnáthchleachtadh laethúil is ea é bia maith a chaitheamh amach toisc go bhfuil sé ag druidim leis an spriocdháta díola (nach ionann agus an dáta dulta ó mhaith), nó toisc go bhfuil smál ar an lipéid, nó nach bhfuil go leor spáis ar na seilfeanna dó.
Chuirfeadh sé uafás ort an méid sin bia a fheiceáil ag dul amú. Bíonn cuma sách suarach ar na comhlachtaí a mhilleann a gcuid bia nuair a chuireann tú san áireamh go gcaithfidh siad íoc as a gcuid bruscar, agus nach bhfuil cumas dothuirsiúil ag an phláinéad chun bia a chur ar fáil.
Aisteach go leor, is iad na comhlachtaí is galánta is túisce le togha stuif a chaitheamh amach. Coinníonn leithéidí ASDA greim docht ar a earraí agus is fearr leo rud a dhíol ar 10p ná é a chur sa bhruscar.
Ní fheicfeá sin go rómhinic i siopaí níos costasaí, rud a chiallaíonn go mbíonn bia d’ardchaighdeán le fáil sna seomraí bruscair má éiríonn leat teacht orthu.
Tá cuntaisí ar líne faoi ‘haul’ dochreidte, scórtha de mhangónna úra nó fiche bhosca fancyáilte seacláide a bhfuil smál éigin ar an lipéid srl. So, tarraing ort do chuid wellies agus téimis ina bhun!
Ó, níl tú cinnte fós? Tuigim duit. Ní bhíonn boladh róálainn i seomraí bruscair, agus
baineann sé an snas den bhia is galánta nuair a fheictear é caite i measc fíorbhruscair.
Tharla sé go raibh mé i gcomhluadar na ransaitheoirí raidhse seo tráth – i suíomh iomlán dleathach, ar ndóigh – agus d’iarr mé orthu cén fáth a mbacann siad nuair atá bia ar fáil go han-saor na laethanta seo?
Luann cuid mhaith daoine an timpeallacht agus ard- chaighdeán an bhia, ach tá cúiseanna níos leithlí ann fosta. Nárbh bhreá linn ar fad bia in aisce, go háirithe má tá an bia sin níos deise ná a mbeadh fáil agat air de ghnáth?
Tá, fosta, cúiseanna polaitiúla leis. Tá daoine ann nach bhfuil sásta airgead a thabhairt d’ollmhargaí a chuireann an ruaig ar ghnóthaí áitiúla, nach dtugann margadh maith dá soláthraithe, nach n-íocann cáin agus atá luaite le ‘union busting’ fiú sa tír seo.
Is beag rogha eile atá fágtha ag an siopadóir eiticiúil inniu, muna bhfuil slám mór airgid le caitheamh aige. Amharcann na daoine seo – tugann siad ‘freegans’ orthu féin – ar an fhuíoll mar aisíoc nó díoltas éigin as an dochar a dhéanann gnóthaí móra don phobal áitiúil agus don domhan mór.
Tá daoine ann a aimsíonn an bia lena roinnt orthu siúd atá ina dhíth le téann uafáis go gcaithfí bia breá úr amach, agus ba dheacair é a thabhairt orthu.
Ach, ní nach ionadh, níl gach dumpster diver ina Robin Hood, agus déanann an corr-dumpster diver dána gnó beag as a aimsíonn sé!
Tá sé intuigthe nach maith leis na comhlachtaí an nós seo, mar sin.
Ba mhaith le daoine áirid go gcaithfí le ransaitheoirí mar ghadaithe agus trespassers, ach bíonn tuairimí difriúla ag tíortha éagsúla agus leisce ag na péas dul i ngleic le ‘coir’ chomh suarach léi nach ngortaíonn éinne.
Más maith leat tabhairt faoi, tá fáilte romhat san Iodáil, áit a bhfuil sé dleathach, ach bí ar d’airdeall sa Bheilg nó sa Ghearmáin, tíortha inar gcuireadh dlí ar dhaoine dá bharr.
Is cosúil go bhfuil sé mídhleathach sa Bhreatain ach nach dtugtar mórán airde air, agus maidir le hÉirinn, níor éirigh liom teacht ar sheasamh ar bith ina thaobh.