Chun an athchúrsáil a chur chun cinn agus an bruscar a laghdú ar shráideanna na Róimhe, tá scéim nua curtha i bhfeidhm sa chathair a chuireann ar chumas daoine íoc as an iompar poiblí le buidéil phlaisteacha.
‘Ricicli+Viaggi’ (Athchúrsáil+Taistil) is ainm don tionscnamh faoina dtugann daoine buidéil phlaisteacha chuig innill speisialta i roinnt stáisiún, cuireann siad na buidéil isteach lena n-athchúrsáil agus tugtar creidmheas digiteach dóibh is féidir leo a úsáid ar bhusanna agus ar an meitreo.
Faigheann tú 5 cent in aghaidh an bhuidéil, rud a chiallaíonn go mbeidh an gnáth-thuras clúdaithe agat le 30 buidéal.
Seans go sílfí gur líon measartha mór é sin ach tá tóir ar an tseirbhís go dtí seo, agus má bhíonn rath air tar éis bliana leathnófar amach é chuig stáisiúin eile ar fud na Róimhe.
“Bítear ag caint ar an gcriptea-airgeadra na laethanta seo, ach tá aigreadra plaisteach againne,” arsa Paulo Simoni, ceannasaí líonra iompair phoiblí na Róimhe, Atac.
“Is córas é ina ndéanann daoine athchúrsáil, cruthaítear dílseacht na gcustaiméirí agus cúitítear iompraíocht shuáilceach na saoránach.”
Táthar ag súil go gcuideoidh an scéim chun fadhbanna bruscair na cathrach a réiteach agus go spreagfaidh sé tuilleadh daoine beart a dhéanamh ar son na timpeallachta.
Forza Ricicli+Viaggi!