Iomlán Bud SAM á ghrúdú le fuinneamh gaoithe

Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag earnáil an fhuinnimh in-athnuaite agus is cruthúnas soiléir air sin é go bhfuil 100% de Budweiser na Stát Aontaithe anois á ghrúdú le cumhacht na gaoithe.

In 2017 d’fhógair an comhlacht Anheuser-Busch InBev – ar leis Budweiser mar aon le neart beoracha aitheanta eile – go raibh sé beartaithe acu a mhonarchana uile a reáchtáil ar fhuinneamh in-athnuaite faoi 2025 agus a lorg carbóin iomlán a laghdú 30% faoin mbliain chéanna.

Tá mionghrúdlanna in áiteanna éagsúla ar domhan a úsáideann fuinneamh glas lena dtáirgí a dhéanamh ach is é Budweiser an chéad mhórleann idirnáisiúnta chun an chéim thábhachtach a thabhairt.

“Táimid bródúil gurb é Budweiser an chéad bhranda de chuid AB InBev agus an chéad bheoir mhór idirnáisiúnta a ghrúdaítear le fuinneamh in-athnuaite, 100%,” arsa Ricardo Marques, ionadaí ón chomhlacht.

“Tá súil againn go mbeimid in ann daoine agus gnólachtaí eile a spreagadh chun todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach.”

Is inmholta an beart é gan aon amhras agus beimidne anseo ag NÓS ag coinneáil súil in airde d’aon mhórchomhlacht eile a leanann eiseamláir Bud.

Bíodh sin mar atá, mar a chualathas i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath aréir mar a raibh an cheist seo faoi chaibidil: “Maith iad féin as cumhacht na gaoithe a úsáid, tá sé sin iontach, ach is fual asail fós é!”

Ní gá a rá ach go raibh pionta leann dubh ina glac ag bean a ráite!

SCÉALTA EILE