Ba é New York an chathair is fearr ó thaobh na rothaíochta de sna Stáit Aontaithe in 2014, de réir Bicycling Magazine. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí, ná baol air. Go deimhin, in 1990 áiríodh é ar an áit is measa sa tír chun rothaíochta.
Cén chaoi ar tharla an claochlú seo? An phríomhchúis leis ná an obair iontach a rinne coimisinéir iompair na cathrach ó 2007-2013, Sadik-Khan, duine a thug uirthi féin gnás na rothaíochta a chur chun cinn agus na bóithre a réiteach chuige. Bhí cur chuige nuálaíoch agus misniúil aici chun dul i ngleic leis an lucht frith-rothaíochta a rinne gach iarracht í a chur dá boinn.
Go dtí ré Sadik-Khan, bhí teipthe ar údaráis New York an t-infreastruchtúr rothaíochta a fhorbairt. Bhí an gluaisteán i réim agus is beag aird a tugadh d’achainíocha na rothaithe: ar feadh i bhfad, ceapadh nach raibh iontu ach hipithe nó gníomhaithe timpeallachta a bhí leath as a meabhair, maille lena ngruaig fhada agus a ngearáin ghlóracha mhíréasúnta.
Bhí drochcháil freisin ar na ‘teachtairí’ a bhíodh ag seachadadh earraí agus pacáistí —inimircigh bhochta a bhformhór — as bheith beag beann ar rialacha an bhóthair, é á chur ina leith go mbídís ag rothaíocht leo ar luas lasrach agus ag cothú timpistí. Sna 1980idí, cuireadh cosc ar na teachtairí seo rothaíocht i lár na cathrach ar feadh tamaill dá bharr.
De réir a chéile, áfach, d’fheabhsaigh íomhá na rothaithe. Míníonn Evan Friss ina leabhar úr On Bicycles: A 200-Year History of Cycling in New York an chaoi inar tháinig athrú ar mheon an phobail i leith na rothaíochta i gcaitheamh na mblianta. Tráth dá raibh, thógadh na meáin taobh na dtiománaithe in achrann ar bith faoi thimpistí nó faoi dhrochiompar ar na bóithre. Ach de réir mar a rinneadh taighde ar an gceist, ba léir nár chúisigh rothaithe ach céatadán fíorbheag de thionóiscí bóthair, agus gur chuir tuilleadh rothaithe le sábháilteacht na mbóithre seachas a mhalairt.
Thosaigh suíomhanna nuachta ag tarraingt airde ar chruachás na gcoisithe agus na rothaithe freisin: bóithre a raibh drochdhearadh agus drochbhail orthu, drochiompar agus dímheas na ngluaisteánaithe ina leith, agus timpistí bóthair a d’fhéadfaí a sheachaint le breis cúraim ó lucht tiomána.
Anuas air sin, thosaigh an pobal ag teacht ar an tuiscint gur fearrde do chách é nuair atá níos lú clampar tráchta ann: an chathair atá oiriúnach don rothaíocht, tá sé fóirsteanach don tsiúlóid, don spaisteoireacht, don rith, don súgradh agus don tsiopadóireacht fuinneoige freisin.
Cé go raibh meon an phobail i leith rothaithe ag feabhsú, bhí amhras ann go fóill go bhféadfaí New York a chur in oiriúint don rothaíocht: an bhféadfaí aithris a dhéanamh ar an nós ‘Eorpach’ seo a mbítí coitianta tarcaisneach faoi i Meiriceá?
An ciallmhar an rud é a bheith ag iarraidh sampla leithéidí København a leanúint, cathair ina bhfuil tús áite tugtha acu don rothaíocht agus don tsiúlóid le fada an lá ach a bhfuil gnás na rothaíochta fréamhaithe go daingean sa chultúr acu?
Bhuel, insíonn na fíricí a scéal féin: nuair a tógadh an t-infreastruchtúr i New York, tháinig na rothaithe. Le linn réimeas Sadik-Khan, a mhair seacht mbliana, tógadh timpeall ar 90km de raonta rothar in aghaidh na bliana. Bhí deacrachtaí aici a scéimeanna a chur i bhfeidhm ar dtús, ach éiríodh as a bheith ag cur ina coinne de réir mar a chonacthas do dhaoine an feabhas a bhí ag teacht ar chaighdeán maireachtála agus ar chúrsaí tráchta sa chathair.
Tá tacaíocht fhorleathan ag a polasaithe i measc an phobail um an dtaca seo, agus rud níos tábhachtaí, tá an tacaíocht chéanna ann dóibh i measc na bpolaiteoirí a tháinig i gcomharbacht uirthi.
Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a dhéanann gach saghas turais ar rothar i New York leis na blianta beaga anuas. Ní daoine ar imeall na sochaí atá i lucht rothaíochta na cathrach a thuilleadh.
An grúpa is mó a shamhlaítear leis an rothaíocht anois sa chathair ná fir óga bhearrtha (cé go bhfuil féasóga ar roinnt mhaith acu) agus iad go maith as — agus go deimhin, léiríonn suirbhéanna gurb amhlaidh atá rothaithe New York níos báine ná an chuid eile den phobal, gur mó seans go bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu agus gur mó an dóchúlacht go bhfuil siad ag cur fúthu i gceantar saibhir den chathair, ar nós Manhattan.
Sin é an cineál nua rothaí atá tagtha chun cinn — duine atá chomh mór ar a shuaimhneas sa saol corparáideach is atá sé ar an rothar, é in ann rothaíocht chun na hoibre i gculaith agus i gcarbhat gan stró.
Ar ndóigh, ní fir ghnó amháin a bhíonn i mbun rothaíochta, ach is léiriú ar athrú cultúrtha níos forleithne é gur modh iompair coitianta é an rothar ina measc anois.
Ach an ceacht is mó atá le foghlaim ó scéal na rothaíochta i New York, dar liom, ná gur féidir cathair ar bith a chur in oiriúint don rothar, dá dhonacht is atá sé i dtús ama, ach an toil pholaitiúil a bheith ann chuige.