Ag an tráth seo bliana bíonn beagnach gach éinne ag féachaint ar aghaidh ar cad is féidir leo a dhéanamh chun dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide. Go minic, bíonn na réitigh phearsanta soiléir – úsáid níos mó a bhaint as an rothar atá fágtha sa chúinne, aiste bia níos sláintiúla agus níos feoilséantaí a roghnú, do thréad bó a laghdú srl, srl. Go minic ní bhíonn áfach.
Ba bhreá liom caint faoi cheann de na hathruithe pearsanta is mó is féidir a dhéanamh más duine le hasma tú. Don ghnáthdhuine le hasma, is iad na hanálóirí a úsáideann siad atá freagrach as cuid an-mhór dá astaíochtaí pearsanta…ach is féidir é sin a laghdú le hathruithe beaga.
Tá dhá chineál éagsúla analóirí ar fáil – an ‘t-análóir dáileog méadraithe’ a bhaineann úsáid as gás chun an druga a spraeáil, agus an t-análóir púdair tirim a chuireann iachall ar an duine an druga a dhiúl isteach. Beidh taithí agaibh ar roinnt de na brandaí sa chéad chatagóir- a leithéidí Ventolin, Seretide, Flixotide, Vannair – agus sa dara catagóir chomh maith – Symbicort, Bufomix, Bricanyl agus na Evohalers. Má bhrúnn tú ar chnaipe agus má chloiseann tú an ‘ssss’, is análóir dáileog méadraithe atá i gceist. Agus is é an gás iontu atá freagrach as an bhfadhb aeráide.
Tar ar ais liom ar bhóthar na smaointí go dtí na hochtóidí agus na nóchaidí, tréimhse nuair a bhíodh an ghruaig chaisníneach agus na héadaí beagnach go hiomlán déanta as denim. Bhí Rick Astley le cloisteáil i ngach aon áit, ach gan aon íoróin ag baint leis, agus bhí fadhb an ózóin ag géarú intinne ar fud an domhain. Rinneadh cinneadh in 1987 le Conradh Montreal deireadh a chur leis na gáis chlórafluaracarbóin (CFC) de réir a chéile, gáis a bhíodh in úsáid go forleathan an an am i gcuisneoirí, i mbuidéil Lynx…agus in análóirí. Bhí tiomántáin aerasóil nua ag teastáil ó na comhlachtaí cógaisíochta mar sin, agus d’aistrigh siad go dtí na gáis hidreafluaracarbóin (HFC) – gáis a bhí saor, flúirseach, chomh maith leis na CFC istigh sna análóirí agus nach ndéanann an méid céanna dochair don ózón. An fhadhb amháin leo ná go bhfuil tionchar millteach acu ar an aeráid – ach creid, nó ná creid, i rith na nóchaidí b’in fadhb do lá éigin eile. Fadhb don 21ú haois.
Tá na figiúirí scanrúil. Tá tionchar 1,300 uair níos mó ag an HFC is mó a úsáidtear inniu (HFA134a dóibh siúd a bhfuil spéis acu ann!). Tá siad cosúil le meatán a bhfuil tionchar gearrthéarmach as cuimse acu, rud atá an-tábhachtach go dtí go laghdóimid leibhéal an charbóin atá á astú againn.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil an tionchar aeráide céanna ag análóir amháin Ventolin (dhá chéad gal) agus Toyota Corolla a thiomáint 350 ciliméadar – sin níos faide ná ó Bhaile Átha Cliath go dtí Gaoth Dobhair (281 ciliméadar), níos faide ná BÁC go Carna (285 ciliméadar) nó go dtí an Daingean fiú (342 ciliméadar). Bheadh Dún Chaoin faoi sholas an tráthnóna buailte leat sula mbeadh an 350 ciliméadar déanta. Níos measa ná sin – de réir na fianaise ní bhaintear úsáid ach as leath den análóir dáileog méadraithe ar an meán, ach scaoileann an HFC amach chun a chuid dochair a dhéanamh mar sin féin. Is é bun agus barr an scéil ná go n-úsáideann an gnáthdhuine le hasma dhá nó trí análóir in aghaidh na míosa ar an meán.
Is féidir an mata a dhéanamh – fiche nó tríocha análóir in aghaidh na bliana, abair, sin 7,000-10,000 ciliméadar ins an Corolla bliain in ndiaidh bliana. Agus má ghlacaimid go bhfuil asma ar thart ar 10% de dhaoine fásta sa tír, is tranglam ollmhór tráchta atá i gceist. Tá réiteach ann áfach. Níl sna hanálóirí púdair tirim ach líon an-bheag de na hastaíochtaí aeráide atá sna hanálóirí dáileog méadraithe – 5% nó 10% nó mar sin ag brath ar an análóir, nó chun é a chur i gcomhthéacs an Corolla, 15-30 ciliméadar. Ní bhainfí Rath Cairn amach ó Bhaile Átha Cliath leis sin fiú. Agus níos fearr fós, de réir na saineolaithe, ba cheart na hanálóirí dáileog méadraithe a bheith mar chéad rogha ag beagnach gach éinne chun an t-asma a smachtú, beag beann ar na buntáistí aeráide.
Beidh a fhios agat nach mbíonn an Gael Glas róthógtha de ghnáth leis an ngníomh pearsanta amháin nuair atá an comhshaol i gceist, agus níor mhaith liom leithscéal a thabhairt don Rialtas agus do chomhlachtaí móra a gcuid dualgas a sheachaint ach an oiread. Is fearr i gcónaí an galar a sheachaint i dtús báire. Bíonn tionchar an-mhór ag glaineacht an aeir agus ag cé chomh teolaí atá ár dteach ar asma. Caithfidh an rialtas smacht a chur ar charranna i gceantair uirbeacha, cosc a chur ar dhó breoslaí iontaise de bharr an truaillithe aeir agus an tionchar aeráide araon, agus cabhair agus maoiniú a thabhairt ionas gur féidir linn ár dteach a choimeád te gan na mílte a chaitheamh ar fhuinneamh gach mí.
Mar sin féin, má tá asma ort agus más maith leat do chuid a dhéanamh i mbliana, aistrigh ón na sean-puffers go dtí an púdar. Seans maith go gcabhróidh sé leat an t-asma a smachtú níos fearr, agus gan dabht beidh cead agat beith sotalach don chuid eile den bhliain, go bhfuil d’astaíochtaí pearsanta laghdaithe go suntasach le rogha beag amháin, agus go mbeidh tú in ann na cinntí casta a chur ar an méar fhada ar feadh tamall eile!