Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir. Bhí Nollaig ana-bhreá ag an nGael Glas, cé gur iomaí argóint a bhí agam i rith na laethanta saoire le mo mhuintir faoi chúrsaí aeráide. Ná bígí buartha, bainim ana-thaitneamh astu, agus tá tuiscint i bhfad níos doimhne ag mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha ar cheisteanna móra an tsaoil anois. “Ní raibh a leithéid de Nollaig againn riamh,” arsa mo mháthair liom agus í do mo mholadh Lá ‘le Stiofáin.
Ach táimid tar éis filleadh ar ais ar an ngnáthshaol arís, agus caithfimid aghaidh a thabhairt ar an mbliain úr agus déanamh réidh do na dúshláin atá amach romhainn. Déanfaidh mé iarracht anseo mo chuid tuartha a roinnt faoi cad atá i ndán dúinn ó thaobh na haeráide de in 2022.
De ghnáth, ag an am seo den bhliain, bíonn na tubaistí agus eachtraí nádúrtha ag tarlú in áiteanna cosúil leis an Astráil agus Meiriceá Theas. Tá La Niña i réim san Aigéan Ciúin faoi láthair agus mar sin níl an baol céanna ag baint leis na tinte scrobarnaí san Astráil.
De bharr La Niña, is dócha nach mbeidh 2022 chomh te agus a bhí 2020 mar shampla, ach níl aon dabht ach go mbeidh sé san áireamh i measc na deich mbliana is teo riamh. Ní chuirfidh La Niña ach laghdú beag ar thionchar an athruithe aeráide i mbliana.
Leanfaidh gach rud eile ar aghaidh chomh maith – ardú ar an méid carbóin san aeráid, rialtais an domhain ag déanamh iarrachtaí chun smacht a chur air ach iad róbheag agus ródhéanach, COP27 in al-Qāhriah (Caireo) ag deireadh na bliana, agus an tsíorchaint agus an easpa gnímh i gcónaí. Tá ábhar amháin dóchais ann áfach. Táimid ag druidim anois i dtreo dheireadh na paindéime agus tá súil agam go mbeidh aird an phobail dírithe arís ar chúrsaí comhshaoil agus nach mbeidh aon leithscéal nó éalú ag na polaiteoirí amach anseo.
Ba bhreá liom labhairt faoi dá dhrochthréith atá tugtha faoi deara agam níos minice le cúpla bliain anuas, ceann amháin a eascraíonn as pobal gnímh an chomhshaoil agus an ceann eile a úsáideann an lucht séanta agus iad siúd atá ag iarraidh moill a chur ar ghníomh aeráide. Is iad na tréithe sin ná an foirfeachas agus an cothromas bréagach.
Bíonn an foirfeachas le feiceáil díreach nuair a chuirtear aon phlean aeráide os comhair an phobail. “Ní leor é” nó “ní réitíonn sé an fhadhb ina hiomlán nó sa tslí is fearr,” a chloiseann tú nó a leithéid. Go minic, feictear é nuair a fhógraítear bealach nua rothair i gcathair éigin – “cad faoi na daoine faoin tuath – ní chabhróidh sé leo!”, “cad a dhéanfaidh mé má tá cúigear leanaí, tolg agus mála mór uirlisí oibre agam”. “ba cheart x, y nó z a dhéanamh ar dtús sula n-osclófar an ceann seo” agus araile, agus araile, agus araile.
Is Cuma – tá sé i bhfad Éireann níos fearr rud a dhéanamh go tapa, go ciotach agus go neamhfhoirfe seachas a bheith ag fanacht go dtí 2030 nó níos déanaí chun é a dhéanamh “i gceart”. Is ionann moill agus teip, agus ní bheidh gach réiteach oiriúnach do gach aon duine.
Tá sé ar eolas ag na séantóirí agus acu siúd gur fearr leo gan faic a dhéanamh agus an córas lofa caipitleachais atá againn a choimeád – gur ionann moill agus teip, agus déanfaidh siad a seacht ndícheall an mhoill sin a bhaint amach. Is annamh anois daoine a chloisteáil ag séanadh an athruithe aeráide go lom. Níl aon amhras ach go bhfuil sé ag tarlú, a chloistear, ach tá sé ródhaor dul i ngleic leis. Nó nílimid cinnte conas é a dhéanamh i gceart agus tá níos mó taighde (agus níos mó ama go deimhin) ag teastáil uainn chun é sin a dhearbhú. Anuraidh tháinig argóint nua chun tosaigh. Ní ceart dul i ngleic leis an athrú aeráide toisc go gcuirfidh na réitigh isteach chomh mór sin ar dhaoine leochaileacha agus bochta.
Beidh an argóint sin níos treise fós in 2022. Cén fáth? Díreach toisc go bhfuil rian na fírinne air. Cuirfidh an t-athrú aeráide agus freagra an domhain ar an éigeandáil isteach ar dhaoine agus ar thíortha bochta mura bhfuil an gníomh cóir, agus mura bhfuil cearta na ndaoine sin – daoine bochta, le míchumas, leanaí, seanadhaoine, teifigh, i gcroílár ár bhfreagra. Tá an dainséar ann go ndéanfaidh an rialtas na fadhbanna sóisialta sa tsochaí níos measa le réitigh nach bhfuil dírithe ar na pobail sin, ach tá deis againn feabhas a chur ar na fadhbanna ag an am céanna má roghnaímid slí chóir.
Tá sé éasca na “moilleadóirí” a aithint. De ghnáth níl suim dá laghad acu sa chosmhuintir, agus ní thugann siad réiteach ar bith eile dúinn ach a rá, “ní féidir é sin a dhéanamh.” Ach cuireann sé dualgas orainn mar sin féin a bheith cinnte go bhfuil gach a mholaimid chomh cóir agus is féidir, ionas go mbeidh an argóint buaite againn sula dtosaíonn sé.