‘Is maith ann an chaint ach teastaíonn an gníomh’ – súil siar ar COP26

Tá an Gael Glas ar ais san oifig le mí nó dhó anois agus bhí marc ar an bhféilire agam chun mé a chur ar an eolas go mbeadh coicís ana-gnóthach ann ag tús mhí na Samhna agus “Cluichí Oilimpeacha na hAeráide” ar siúl i nGlaschú. 

Cloistear na gearáin chéanna mar gheall ar COP agus faoin sorcas Oilimpeach: príomháit tugtha do pholaiteoirí nach bhfuil spéis dá laghad acu sna himeachtaí, scuainí fada, an t-atmaisféar millte ag corparáidí agus an chuma ar an scéal nach bhfuilimid in ann aon rud a fheicimid a chreidiúint.

Dúirt mé i gcolún eile nach mbeadh éinne go hiomlán sásta le torthaí na comhdhála, agus ní fhaca mé faic i rith na coicíse a thug a mhalairt le fios dom. Bhí idir chomharthaí dearfacha agus teipeanna le feiceáil, agus déanfaidh mé iarracht cur síos ar gach a tharraing m’aird féin. 

Ní bhainfear an sprioc is tábhachtaí amach – is é sin ardú teochta níos lú ná 1.5ºC – leis an méid a gealladh ag COP. Mar sin, ní féidir a rá go raibh rath ar an gcomhdháil. Ach chuamar níos faide i dtreo na sprice sin, agus den chéad uair, luadh laghdú ar an méid guail a dhófar (cé nach raibh na hionadaithe in ann comhréiteach níos láidre a dhéanamh faoi sin)

Fágadh na grúpaí feachtasaíochta agus sóisialta ar an imeall i COP26, níos mó ná mar a fhágtar de ghnáth. Bhí sé sin tuartha roimh an gcomhdháil ach chuir sé ionadh orm cé chomh soiléir is a bhí sé. Comhdháil pholaitiúil amháin a bhí ar siúl, ná bíodh aon dabht ort faoi sin

Bhí ionadaithe na gcomhlachtaí breosla iontaise lárnach ann, agus cuid mhaith acu ag obair as lámha a chéile le polaiteoirí. Feictear domsa go bhfuil a fhios acu go bhfuil siad ag snámh in aghaidh easa anois, agus níl siad ag iarraidh ach moill a chur air. Chuir an ceistiú a cuireadh ar na comhlachtaí i Meiriceá agus iad os comhair Choiste Theach na nIonadaithe díreach roimh an gComhdháil leis an tuairim seo is dócha.

Rinneadh comhaontú ag tús na coicíse laghdú 30% ar na hastaíochtaí meatáin domhanda roimh 2030, ceann eile chun cosaint cheart a thabhairt do na foraoisí. Bhí sé ar eolas againn roimh ré go mbeadh siad ag tarlú, ach is maith an rud é cé chomh héasca is a bhí tíortha in ann iad a bhaint amach. Bhí an tAontas Eorpach chun tosaigh leis an sprioc meatáin, agus cuirfidh sé brú éigin ar rialtas na hÉireann díriú isteach i gceart ar astaíochtaí talmhaíochta agus déiríochta. Níl an rialtas sásta ach laghdú idir 22% agus 30% d’astaíochtaí talmhaíochta a ghealladh áfach, agus é sin a dhéanamh gan líon na mbeithíoch atá sa tír a chiorrú. Déarfaidh mé rud amháin anseo – beidh orainn an líon sin a laghdú am éigin agus mura ndéanfaimid roimh 2030 é beimid ag íoc as, trí fhíneáil nó trí fhritháirimh i dtíortha eile. Cén fáth nach n-úsáidimid an t-airgead chun cabhrú le feirmeoirí an t-athrú fadtéarmach atá ag teastáil a dhéanamh?

Bhí daoine faoi mhíchumas agus pobail bhundúchasacha an domhain buartha go mbeadh deacrachtaí acu freastal ar an gComhdháil de bharr Covid-19 agus an easpa measa atá ag na tíortha móra agus na tíortha coilíneacha orthu. Tháinig an tuar sin faoin tairngreacht faraor, ach chuir sé lúcháir ar mo chroí na mílte a fheiceáil ag máirseáil ar a son i nGlaschú le linn na comhdhála.

An cáineadh is mó atá feicthe agamsa, agus luíonn sé leis an ‘blah, blah, blah,’ a thug Greta Thunberg ar imeachtaí COP, ná nach bhfuil ann ach caint agus gealltanais gan cliú dá laghad againn an mbeimid in ann iad a chomhlíonadh. Tá an ceart ag Thunberg gan dabht, ach bíonn gealltanais tábhachtach mar sin féin, agus is ceart iad a chur i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a sheol rialtas na hÉireann le déanaí. Ach ní leor gealltanais, táimid ag fanacht le gníomh!

Maidir le cúrsaí teanga, bhí roinnt plé ar thionchar an athraithe aeráide ar theangacha. Cé nach raibh sé lárnach sa chomhdháil, tá aitheantas á thabhairt faoi dheireadh do ghéarchéim éagsúlachta eile – géarchéim na dteangacha. Rinne an grúpa “living-language-land” taispeántas sa Green Zone (is féidir féachaint siar air anseo) agus iad ag iarraidh focail ó theangacha éagsúla a úsáid chun an nasc idir pobal, an comhshaol agus teangacha a mhíniú. Ba í Gaeilge na hAlban ceann de na teangacha a bhí i gceist leo. Tá sé sin feicthe againn anseo in Éirinn chomh maith – go háirithe i saothar Michael Cronin, a scríobh alt iontach i Tuairisc.ie cúpla lá ó shin. Ach tá rud éigin in easnamh leis an díospóireacht seo i gcónaí- conas is féidir linn mionteangacha a úsáid chun gníomhaíocht aeráide a spreagadh. Ag féachaint siar a bhíonn an chaint sin faoi theangacha atá cloiste agus léite agamsa, agus caithfimid féachaint chun tosaigh ag an am céanna.

Ar deireadh, caithfimid féachaint ar chlúdach na comhdhála sna meáin. Bhí sé seo ana-dhearfach i mo thuairim. Bhí clúdach cothrom, eolach, cuimsitheach tugtha don eolaíocht agus don fhadhb, agus bhí na meáin Ghaeilge san áireamh ansin. Go leana sé ar aghaidh tar éis na comhdhála!

Agus sin é m’achoimre ar na Cluichí Oilimpeacha na hAeráide – tá go leor leor fós le déanamh. Beimid ar ais i gceann bliana le haghaidh COP27 san Éigipt. Sílim féin go bhfuilimid ar barr cnoic, ag siúl le maidhm charraige ollmhór a athróidh gach aon chuid dár saol agus níl ag teastáil ach cloch beag amháin chun tús a chur leis. Tá sé cosúil le bheith ag tonnmharcaíocht, an soicind sin ar bharr toinne móire agus í beirthe agat, cumhacht na farraige le brath taobh thiar duit agus tú ar tí scaoileadh. Beagáinín scanrúil, beagáinín corraitheach.

SCÉALTA EILE