Is tábhachtaí an traein ná an rothar

Is duine mór rothaíochta mé. Creidim go huile is go hiomlán i gcumhacht an rothair mar mhodh glan taistil agus creidim gur cheart an capall iarainn a bheith ina rí i sochaí glas forásach. Is iomaí alt atá scríofa agam ar an ábhar seo cheana — agus coinneoidh mé orm á scríobh — ach tá beithíoch amháin ar an saol atá níos tábhachtaí ná an badhsacal agus muid ag caint ar shochaithe forásacha agus cúrsaí comhshaol: an traein. 

Bhí áthas orm an tseachtain seo caite nuair a chuala mé go raibh an chosúlacht air go dtógfar bealach mór glas ó chontae na Gaillimhe go contae Shligigh — bealach 128km idir Baile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe agus Cúil Áine, ar an seanrian traenach.

The Western Rail Trail an t-ainm Béarla atá baiste ag lucht an fheachtais ar an mbealach glas nua seo (níl leagan oifigiúil Gaeilge feicthe agam go fóill) agus tá go leor tacaíochta léirithe don rud go dtí seo in achainithe agus áiteanna eile. Tacaím féin leis an gcoincheap, ar na cúiseanna a luaigh mé in alt an tseachtain seo caite

Ach craoladh mír ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite inar taispeánadh ‘taobh eile’ an scéil — an feachtas ar son traenach ó Ghaillimh go Sligeach. Is tábhachtaí i bhfad an traein ná an rothar, agus ainneoin an ghrá mhóir atá agam do m’asal beag dubh, agus ainneoin na mbuntáistí a bhainfí as bealach glas fada idir dhá bhaile mhóra, ní fhéadfaí a mhalairt a mhaíomh. 

Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá mé ag breathnú ar léarscáil mhór den tír a tarraingíodh sna 1930idí, atá crochta ar mo bhalla. Chuirfeadh gréasán na dtraenacha a fheicim ar an léarscáil caoineadh céad bliain ar Chonallach. Feicim go soiléir an bealach a rachadh an bealach glas nua, agus na bailte beaga agus móra a dtabharfadh na rothaithe agus coisithe cuairt orthu.

Ach feicim freisin bailte beaga tuaithe a scoitheadh amach ón gcuid eile den tír nuair a cuireadh deireadh leis an tseirbhís traenach in iarthar na tíre, agus na bóithre atá anois á bplódú ag carranna maidin agus oíche. 

Is léir go bhfuil feachtas réasúnta láidir ann, ‘West on Track’, an rian traenach seo a athoscailt agus más duine thú ar chás leis an Glasachas ní mór tacú leis an bhfeachtas céanna.

Ghlanfadh traein nua idir Sligeach agus Gaillimh na céadta carranna de na bóithre móra san iarthar, d’osclódh sé áiteanna nua do dhaoine nach bhfuil in ann tiomáint, agus ligfeadh sé do dhaoine fanacht ina gceantar dúchais ach a bheith ag obair i mbailte eile. 

Tá géarghá le hinfheistíocht sa gcóras iompair poiblí in iarthar na tíre, agus tá go leor de na seanrianta traenach seo ann ar fud an iarthair. Is deas iad na bealaí glasa nuair nach mbíonn an toil ná an fhéidearthacht ann rianta traenach a athoscailt, ach dáiríre píre b’fhearr liom i bhfad traenacha a fheiceáil ar na seanrianta sin ná bealaí rothaíochta. 

Ná bíodh aon amhras ort ach go bhfuil géarghá le bealaí glasa agus línte traenach, ach má tá muid dáiríre faoin gcomhshaol agus faoi thodhchaí na tuaithe in Éirinn is gá dúinn an córas iompair poiblí a fhorbairt.