‘Léas dóchais san éigeandáil aeráide iad muintir Chorca Dhuibhne – Duncan Stewart’

A chairde, bhraitheas go raibh dualgas orm an méid a chuala inné a roinnt libh. D’fhreastlaíos ar chomhdháil ana-spéisiúil ar fad in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin inné, ag a raibh an craoltóir agus an gníomhaí timpeallachta Duncan Stewart ina aoichainteoir.

Ar an gcéad dul síos, ní raibh puinn cur amach agam ar an bhfear, ná níl a chlár teilifíse Eco Eye feicthe puinn riamh agam, ach chuaigh an méid a dúirt sé go mór i bhfeidhm ormsa agus ar an lucht féachana a bhí i láthair. Thosnaigh sé le ráiteas ana-láidir, agus dúirt go mbraitheann sé go bhfuil tír na hÉireann in umar na haimléise ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh i réimse na héigeandála aeráide. Nílimid ag baint ár gcuid spriocanna amach, olc ná maith, a dúirt sé, agus dúirt leis na daoine óga a bhí sa lucht féachana, go raibh doineann i ndán dóibh roimh dheireadh a saoil toisc an t-athrú a thiocfaidh ar an ndomhan.

Tá eiceachórais atá riachtanach d’inmharthanacht an chine dhaonna ag fáil bháis ar luas lasrach agus tá an méid dé-ocsaíd charbóin agus gáis dhíobhálacha eile atá ag sileadh linn ag síormhéadú. Náire shaolta ár dtír, a dúirt sé, ach léas dóchais dó a bheith i gCorca Dhuibhne chun bualadh le grúpaí agus daoine atá ag déanamh a gcion ar son na haeráide. Tóg, mar shampla, Áine Uí Dhubhshláine ar léi an bhialann Tig Áine ar an nGráig. Laoch mná, a mhínigh don lucht féachana nár chaith sí ach €300 in imeacht bliana ar 30,000 ciliméadar taistil ina cairt leictreach toisc go bhfuil na painéil ghréine atá feistithe sa tig aici, ag cur leictreachas ar fáil di. Tugadh bualadh bos mór d’Áine, atá go mór chun cinn ar an ngnáthdhuine, deinim amach.

Bunaíodh grúpa nua ag an gcomhdháil inné a bheidh dírithe ar chúrsaí fuinnimh a fheabhsú agus billí a laghdú i ngnólachtaí a bhíonn ag plé le turasóirí i gCorca Dhuibhne. Tiocfaidh máistirphlean as sin a rachaidh chun tairbhe dúinn ar fad.

Lean Duncan Stewart air, ag rá go gcífimid na céadta milliún duine ag bogadh ó thír amháin go tír eile, mar go mbeidh a dtithe féin scuabtha chun siúil ag an bhfarraige sara fada. Is iad na daoine is saibhre ar domhan is mó ar féidir leo smacht a bheith acu ar an bhfadhb mhillteach seo, a dúirt sé. Ar leibhéal níos áitiúla, is iad na feirmeoirí na basanna. Is féidir leo fuinneamh in-athnuaite a chruthú agus bia a fhás, agus ní gá dúinn feasta a bheith ag braith ar fhoinsí fuinnimh i gcéin, mar a dtagann 89% d’fhuinneamh na tíre faoi láthair. Táimid i bpoll mór domhain ó thaobh fuinneamh a chruthú sa tír, agus tá ról thar a bheith lárnach ag muilte gaoithe sa scéal, agus an ghaoth ar an bhfoinse fuinnimh is saoire in Éirinn faoi láthair.

Sa tSualainn, tá formhór an fhuinnimh a úsáideann an pobal, in-athnuaite, agus is ar bhith-ghás, a cruthaítear ar fheirmeacha, a ritear gach bus agus tacsaí i bpríomhchathair na tíre sin. Tá bóthar ana-fhada ar fad romhainne chun a leithéid a bhaint amach.

Níl aon rogha fágtha anois ach gníomhú ar an bpointe, sula mbeimid súncáltha, báite, gan aon teacht ar ais, dar leis. Ní fás aon oíche a bheidh anseo, ná baol air, ach is fiú an tairbhe an trioblóid sa chás seo, dár gcuid leanaí agus a gcuid leanaí siúd, murar dúinn féin a dhéanfaimid beart.

SCÉALTA EILE