Leictreachas saor in aisce sa Ghearmáin!

Sa Ghearmáin, is é an comhlacht cumhachta a thugann airgead duit seachas an bealach eile thart.

Bhuel, ar a laghad sin mar a bhí ag an deireadh seachtaine a bhuí le gaoth mhór agus tuirbíní éifeachtacha.

De réir tuairiscí gineadh an oiread sin cumhachta le linn stoirmeacha cúpla lá ó shin gur thit praghsanna sa tír go suntasach agus go raibh ar na comhlachtaí a gcuid custaiméirí a íoc chun an fuinneamh breise a thógáil.

B’ionann an méid cumhachta a chruthaigh na tuirbíní gaoithe agus an méid a chruthódh 40 stáisiún núicléach – fíric ar díol suntais é gan aon agó.

In 2010 chuir rialtas na Gearmáine tús le clár náisiúnta chun bogadh ar shiúl ó bhreosla iontaise agus i dtreo foinsí in-athnuaite fuinnimh, agus ó shin i leith tá ag éirí go hiontach le hearnálacha ar nós cumhacht gaoithe.

Ar ndóigh ní tharlaíonn stoirmeacha an deireadh seachtaine ar bhonn rialta ach is léiriú soiléir é ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag cumhacht in-athnuaite agus is fianaise í gur sprioc réadúil í todhchaí iomlán glas a bhaint amach sa tréimhse romhainn.

Ar aghaidh linn, ar nós na gaoithe…

SCÉALTA EILE