Ba cheart go mbeadh Greta Thunberg ar scoil. Níor cheart go mbeadh sí ag éileamh ar cheannairí stáit an domhain aird a thabhairt ar eolas a tháinig chun cinn 15 bliain sular rugadh í agus níor cheart go mbeadh uirthi a bheith ag déileáil leis na maslaí agus leis an gcaint ghránna atá á spalpadh ag lucht a cáinte de ló agus d’oíche ar na meáin shóisialta, agus go dearbh, ar na meáin chumarsáide.
De ghnáth, bímse ag scríobh faoi na rudaí beaga is féidir a dhéanamh anseo is ansiúd le saol ‘níos glaise’ a chaitheamh, ach an tseachtain seo tá an oiread sin alltachta orm faoin méid a chuala mé ar RTÉ Radio One ó Ryan Tubridy agus an méid a chonaic mé ar na meáin shóisialta faoi Greta i ndiaidh a hóráide cumhachtaí ag Comhdháil Aeráide na Náisiún Aontaithe nach fiú dom a bheith ag caint faoi na rudaí beaga sin.
Is léir gur gá dúinne, saoránaigh an domhain, gníomh ollmhór domhanda a éileamh ar ár gceannairí, mar a d’éiligh Greta an tseachtain seo.
Beidh mise ag scríobh chuig gach Teachta Dála i mo dháilcheantar, chuig gach comhairleoir contae sa gcuidín seo den tír ina gcuirim fúm, agus chuig oifig an Taoisigh féin an tseachtain seo le gníomh láidir faoin éigeandáil aeráide a éileamh anois díreach. Impím ortsa scríobh chuig do TDanna féin, do chomhairleoirí, do MPanna agus do MLAnna fosta.
Is oth liom a rá ach ní éistfear le cailín óg as an tSualainn mura a bhfuil neart na ndaoine ar a cúl. Tacaímis léi, mar sin, agus ligimis di dul abhaile chun na Sualainne agus a cuid scolaíochta a chríochnú agus réitímis domhan glas geal di agus dá cairde.
Tá agóidí móra beartaithe ag an dream ‘Extinction Rebellion’ san ardchathair an mhí seo chugainn agus é i gceist acu seilbh a ghlacadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar feadh seachtaine le haird a tharraingt ar an éigeandáil. Beidh an Gael Glas seo i láthair agus tá súil agam go mbeidh go leor de phobal na Gaeilge i mo theannta.
Tá a cion déanta ag Greta Thunberg cheana féin. Bhí a fhios againne gur gá cúrsaí a chur ina gceart sular rugadh í, déanaimis anois é sula mbeidh sé i bhfad ródhéanach.