Droch-chuimhní is mó a thagann chun cinn agus muid ag smaoineamh ar dhinnéir scoile, agus tá eagla orm nár tháinig mórán d’athrú ar chúrsaí ó bhí mise i mo ghasúr.
Ní amháin nach raibh an bia ar cuireadh ar fáil go deas ach ní raibh fhios againn rud ar bith faoi.
Is beag nasc a bhí againn leis na miasa a cuireadh os ár gcomhair agus is beag suim a cuireadh iontu dá bharr.
Ní amhlaidh an scéal le blianta beaga anuas sa Danmhairg áfach, áit ar bunaíodh Madhus (Teach Bia) speisialta i gCóbanhávan in 2007.
Tá 700 ‘cistin phobail’ sa phríomhchathair – idir scoileanna, ospidéil, láithreacha oibre agus áiteanna eile – a sholáthraíonn 60,000 béile in aghaidh an lae.
Tuigeadh go raibh cur chuige nua ag teastáil chun dul i bhfeidhm ar na cistineacha pobail seo ionas go gcuirfeadh siad an bia is fearr ar fáil agus cuireadh tús le Københavns Madhus dá bharr.
Is cineál scoile, ionad tionscadail agus gníomhaí ar son athruithe sa tsochaí é an Teach Bia seo.
Ba tar éis brú polaitiúil ó shaoranaigh Chóbanhávan a ghlac an rialtas cinneadh £10 milliún a chaitheamh ar an Madhus agus tá athrú suntasach tagtha ar chultúr bia na cathrach ó shin.
Sna scoileanna, d’ardaigh líon na bpáistí a bhí ag ithe dinnéar scoile ó 2% go 40% agus i mbliana d’fhógair an Teach Bia go bhfuil siad ag súil go mbeidh 90% den bhia a chuirtear ar fáil don phobal ag teacht ó fhoinsí orgánacha roimh dheireadh na bliana – faoi láthair seasann sé ag 75%.
Cuireann Københavns Madhus traenáil ar fáil do chócairí atá ag obair sna cistineacha pobail agus téann oibrithe amach chun na scoileanna le teagasc agus le cócaireacht le dáltaí.
Bíonn dáltaí ag cócaireacht taobh amuigh, ag foghlaim faoi na hábhair agus ag cócaireacht do pháistí eile ar an scoil.
Tá sé i gceist acu níos mó ama a thabhairt do dháltaí ag am lóin agus am sosa chomh maith.
Ceann de na rudaí is tábhachtaí faoin réabhlóid chultúrtha seo ná go bhfuil bia na cathrach go fóill faoi smacht poiblí i gCóbanhávan.
Is deacair na hathruithe seo a chur i bhfeidhm má tá gach cistin seachfhoinsithe (outsourced) ag comhlachtaí príobháideacha mar atá anseo in Éirinn.
Is ceist saoránachais í chomh maith le rud ar bith eile.
Mar a deir lucht an Madhus féin:
“Déanann muid ar ndícheall cultúr bia a chruthú atá inbhuanaithe, sláintiúil agus sásta taobh istigh den earnáil bhia phoiblí agus meas á léiriú againn don tír, don bheatha agus do na béilte a chuirtear ar fáil do shaoránaigh.”
Ag machnamh ar na fadhbanna bia atá againn inár dtír féin, is fiú foghlaim ó mhuintir Chóbanhávan agus ón dóigh a bhfuil an togra cróga seo ag cruthú an spáis phoiblí chun an dul chun cinn a dhéanamh.
Is fúinn atá sé an todhchaí a shamhlú, todhchaí ina bhfuil bia sláintiúil ar ardchaighdeán á chur ar fáil do gach saoránach, agus an chumhacht seo i lámha na saoránach féin.