Míol Mór Ceann Bogha Chairlinn

Seans maith go mbeidh deilf iomráiteach an Daingin, Fungi, in iomaíocht an samhradh seo le míol mór ceann bogha (bowhead whale) atá le feiceáil i ngóilín Loch Cairlinn le roinnt laethanta anuas.

Dheimhnigh an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) gur míol mór ceann bogha é an t-ainmhí mara anaithnid ar thángthas air an Domhnach seo caite i mbun snámha i mbéal Loch Cairlinn.

Duine de chriú Carlingford Lough Pilots Ltd a leag súil ar an mhíol mhór Artach ar dtús agus é ar ghnáththuras breathnóireachta ar Loch Cairlinn.

Tógadh pictiúir agus físeán den mhamach mara agus cuireadh an t-ábhar chuig Cairde Míolta Móra Chorcaí (Cork Whale Watch) trí na meáin shóisialta.

Bowhead

“Ba léir ón tús go raibh rud éigin as an ghnách i gceist agus nach gnáthspeiceas a bhfuil cleachtadh againn ar a fheiceáil i bhfarraigí na hÉireann a bhí ann,” ar Pádraig Whooley, Comhordaitheoir Dearcthaí an IWDG.

Bhí polláirí péireáilte (paired nostrils) ar an neach, rud a thug le fios gur míol mór a bhí ann go cinnte, agus ní speiceas céiticeach eile, a mhínigh Pádraig.

Meastar gur ainmhí óg é míol mór ceann bogha Chairlinn as siocair gan é a bheith ach tuairim is 6.5 méadar ar fad.

Bíonn míol mór ceann bogha aibí suas le 16-18 méadar ar fad de ghnáth.

Seo an chéad uair a bhfuil taifead déanta ar an mhíol mór Artach seo a bheith in uiscí na hÉireann.

Is i bhfarraigí i bhfad níos fuaire a bhíonn sé de ghnáth.

Tá comhtharlú deas i gceist le teacht an chuairteora seo go Cairlinn, mar gurb é an míol mór ceann bogha an 25ú speiceas ar liosta na míolta móra agus na ndeilfeanna atá feicthe i bhfarraigí na hÉireann.

25 bliain ó shin a fógraíodh uiscí na hÉireann a bheith mar thearmann do na mamaigh uisce seo.

Is í Éire an chéad tír san Eoraip lena leithéid de thearmann a chur ar fáil.

Fáilte roimh mholtaí d’ainm breá Gaelach dár gcara nua!

 

SCÉALTA EILE