Ná bacaimis na Roses i mbliana, Thank You Very Much

In amanna, bíonn sé deacair a bheith ag smaoineamh faoin Nollaig i gcomhthéacs ‘glas’ — tá an caiteachas, an dul thar fóir agus an cur amú chomh fite fuaite san fhéile gur deacair a fheiceáil go bhféadfaí í a chaitheamh gan drochthionchar mór millteach a imirt ar an gcomhshaol. 

Ní bheadh mé féin in ann neamhaird iomlán a dhéanamh ar an Nollaig, agus ní bheadh mé ag súil go ndéanfadh daoine eile neamhaird uirthi — tá sé tábhachtach don chroí agus don anam na féilte seo a cheiliúradh. Ach beidh mé ag roinnt cúpla nod libh idir seo agus an lá mór faoi cén chaoi ‘Nollaig Ghlas’ (nó ar a laghad Nollaig atá níos glaise) a chaitheamh. 

Ná bac na Roses i mbliana!

Is dóigh go bhfuil Cadbury’s Roses ar cheann de na milseáin is mó a luaitear leis an Nollaig sa tír seo. Ní bheidh teach in Éirinn nach mbeidh ar a laghad bosca amháin Roses sa gcófra aimsir na Nollag — fiú mura gceannaíonn tú iad tú féin, gheobhaidh tú bosca ó chara, chomharsa nó gaol leat sula mbeidh an Nollaig caite. 

Ach cuimhnigh anois ar an méid plaistigh atá sa bhosca beag (atá ag éirí níos lú bliain i ndiaidh bliana!) sin. Fuarthas réidh leis na boscaí miotail a bhíodh ann fadó, ábhar a d’fhéadfaí a athchúrsáil, agus tugadh isteach na boscaí plaisteacha atá anois ann. Ach an rud is measa uilig ná go bhfuil gach uile mhilseán taobh istigh den bhosca burláilte ina chlúdach plaisteach féin. 

Bíonn tuairim is 70 milseán i mbosca Roses. Sin 70 clúdach plaisteach i ngach aon bhosca a fheicfidh tú an Nollaig seo. Cinnte, is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar phlaisteach mar seo go pointe áirithe ach ar deireadh beidh ábhar fágtha nach mbrisfidh síos go deo agus nach mbeifear in ann aon rud eile a dhéanamh as. Cuimhnigh gurb é an ‘athchúrsáil’ an rogha dheireanach sa mana ‘reduce, re-use, recycle’.

Reducálaimis an Nollaig seo, mar sin, agus caithimis uainn na Roses (agus na Celebrations agus na Heroes). Má tá sé i gceist agat boscaí nó dhó a cheannach don teach i mbliana, cuimhnigh ar chomhlachtaí Éireannacha a dhéanann boscaí cairtchláir seacláidí, nó má tá an t-am agus an scil agat déan thú féin roinnt milseán nó brioscaí sula dtiocfaidh na cuairteoirí.

Beidh mise ag bácáil cáicíní Nollag le tabhairt liom agus mé ag cuartaíocht níos déanaí an mhí seo  agus fágfaidh mé a chuid plaistigh ag Mr Cadbury. 

SCÉALTA EILE