‘Ná tóg cairn agus leag na cinn a fheiceann tú’ – an Gael Glas

Is minic a phléitear ceisteanna móra an tsaoil sa cholún seo, na hiriseoirí díograiseacha dílse ag lorg na bhfreagraí deacra i gcónaí. An éigeandáil aeráide, an comhshaol, an tslí mhaireachtála atá againn, céard atá i ndán dúinn, agus cén fhealsúnacht dhaonna ba cheart a bheith againn. Agus táim lánsásta cur leis an saothar leanúnach sin, agus díospóireacht a thosú faoi cheann de na fadhbanna is mó in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is ea, is iad na cairn chloch a fheictear fud fad na tíre, go háirithe in áiteanna turasóireachta in Iarthair na hÉireann, atá ag dó na geirbe agam.

Cad a spreag é seo? Bhuel, mar is gnách liom, bhíos ag brabhsáil ar an idirlinn in ionad obair a dhéanamh cúpla lá ó shin agus chonaic mé grianghraf agus teachtaireacht ar ghrúpa a bhfuilim páirteach ann ó am go ham, grúpa faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar Facebook.

Is fuath liom Facebook, caithfidh mé a rá, is suíomh lofa é, (ach tá cuid de úsáideach go fóill- tá grúpa dírithe ar athrú aeráide agus Gaeilge ann mar shampla), agus ní haon eisceacht é an grúpa seo cé go mbíonn pictiúir mhaithe ann. Tá roinnt fadhbanna agam leis — déanann sé neamhaird ar Chiarraí agus bíonn Tír Chonaill á mhaíomh ag na baill an t-am go léir, bíonn teachtaireacht amháin mar gheall ar leabhar faoin Drochshaol ann beagnach gach lá (ní thuigim cén fáth ach an oiread) agus an troid chéanna thíos faoi gach uair, agus tá an cineál meoin ann nach bhfuil in iarthair na hÉireann ach Disneyland atá ann do chuairteoirí amháin. Cén fáth go bhfuilim fós á leanúint? Masacas, is dócha, agus mar a luaigh mé bíonn seoda ann uaireanta i measc an chaca.

Bhuel, bhí pictiúr amháin ann a tharraing m’aird- carn cloch ar thrá an Spidéil agus an ghrian ag dul faoi laistiar de. Grianghraf álainn, suaimhneach gan dabht, ach chuir mé teachtaireacht bheag leis ag rá go ndéanann na cairn seo ana-chuid damáiste don chomhshaol agus go leagaim iad gach uair a fheicim iad. 

Abairt amháin, chun chur in iúl go mbíonn deacrachtaí le rudaí neamhurchóideacha cosúil leis seo agus go bhfuil buntáistí leis iad a scriosadh chomh maith leis iad a thógáil. A leithéid de chonspóid! Cheapfá go raibh mé ag déanamh ionsaí ar fhealsúnacht na n-ealaíontóirí a thóg é, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin féin fiú agus mé ag rá go bhféadfadh go bhfuil níos mó ann ná áit ghrianghrafadóireachta. Mar is iondúil ar Facebook, thosaigh na maslaí ag teacht isteach go tiubh. Is cuma liom faoi sin, mar tá an ceart agus an eolaíocht ann chun tacú liom.

Ní sé deacair eolas ar an dochar a dhéanann siad a fháil. Caithfidh mé a rá ar dtús nach bhfuilim ag labhairt faoi na Inuksuit a bhaineann an pobal bundúchasach i gCeanada agus in Alasca mar chomharthaí, nó galláin agus tuamaí seandálaíochta, nó fiú amháin faoi na cairn mhóra ar chnoic in Éirinn, ach faoi na cinn a bhíonn le feiceáil ar thránna iargúlta, sa Bhoireann, ar Aillte an Mhothair, ar Facebook agus ar Instagram. Tuigim an claonadh a bhíonn orainn go léir lorg a fhágáil in áit. Agus aithním an chruthaitheacht atá bainteach leo, agus an suaimhneas intinne a thugann siad do dhaoine agus iad á dtógáil. 

Ach ní féidir an truailliú radhairc a shéanadh. Tá bac curtha orthu i go leor páirceanna náisiúnta ar fud an domhain, agus gearrtar pionós ort má thógann tú ceann. Ní féidir an damáiste a dhéanann siad do phlandaí agus inveirteabracha a sheachaint. Cuireann siad éin i mbaol, éin cosúil leis an roilleach a thógann nead cheilte i measc na gcloch. Ar na cnoic, cuireann siad daoine atá ag brath ar na gnáthchairn ar strae. Agus is galar tógálach iad — feiceann tú ceann nó dhó in áit nua agus tar éis cúpla lá beidh siad go forleathan, fiailí uafásacha i measc áilleacht an nádúir.

Ach tá cóir leighis le haghaidh gach galair, agus tá dhá réiteach ar an bhfadhb áirithe seo — tusa agus an domhantarraingt. Má fheiceann tú iad, leag iad – tá sé chomh simplí sin. Ní bheidh tú ag déanamh dochair — is “athchóiriú” a bheidh i gceist. Ni hamháin go gcuirfidh tú na clocha ar ais san áit cheart, ach mura bhfuil siad le feiceáil ní bheidh an fonn tógála sin chomh tréan ar dhaoine eile. 

De réir mo thaithí, baineann leanaí ana-thaitneamh as iad a leagan, agus is féidir na céadta a mhilleadh in aghaidh uair an chloig amháin má tá buíon ghníomhach leanaí agat. Níl rud ar bith níos fearr ná an glór iontach sin uathu agus iad ag titim go talamh de phlab! Ná bí buartha faoi “ealaíon a scriosadh”, mar a dúirt fear amháin liom ar Facebook – tá tú ar son an chirt agus ar son an chomhshaoil. Is í mo chomhairle — leag iad, bain sásamh as agus fan amach ó Facebook!

SCÉALTA EILE