‘Ní cheapfá go bhfuil an éigeandáil aeráide a d’fhógair an Rialtas féin ann ar chor ar bith’

Foilsíodh dhá cháipéis thábhachtacha rialtais le déanaí a tharraing aird go leor ó mhuintir na tíre agus ó lucht feachtasaíochta aeráide go háirithe. Is iad sin an National Development Plan 2021-2030, agus go deimhin buaicphointe na bliana dóibhsan a bhfuil dúil acu sa pholaitíocht, An Cháinaisnéis. Airgead, margaí, gealltanais, lúcháir, díomá agus feall – bíonn siad go léir le feiceáil gach bliain. 

Ach ní doiciméad lom leadránach é an Cháinaisnéis, tugann sé léargas soiléir ar mhianta an rialtais agus ar gach atá tábhachtach dóibh. Rachainn beagáinín níos faide fiú – is doiciméad morálta é an Cháinaisnéis. Is cuma faoin méid atá ráite ag an rialtas, na spriocanna atá leagtha amach acu nó na conarthaí atá déanta acu, nuair a thagann an crú ar an tairne níl spéis ag polaiteoirí ach in dhá rud – vótaí agus airgead. Mar a dúirt Joe Biden féin uair amháin – ná habair liom cad is mór agat, taispeáin dom an cháinaisnéis agus déarfaidh mé é.

Breathnaímis ar an NDP ar dtús. Tugann sé seo léargas ginearálta ar phleananna agus spriocanna an rialtais agus na státseirbhíse sna deich mbliana amach romhainn, agus iad ag iarraidh spreagadh agus faoiseamh a thabhairt do thír atá ag streachailt faoi thionchar na paindéime fós. 

Mar a deirtear sa réamhrá, ní cur síos cuimsitheach é ar gach pingin a bheidh á caitheamh ag an rialtas sa tréimhse sin, ach tugann sé fís dúinn mar sin féin ar chuid de na hathruithe atá i ndán don tír. Agus ó thaobh an chomhshaoil de, tá sé (nó ba cheart go mbeadh sé ar aon nós!) thar a bheith tábhachtach, toisc go mbeidh infheistíocht ollmhór ag teastáil go géar ionas go mbeimid in ann an laghdú thart ar 50% d’astaíochtaí carbóin atá deimhnithe ag an rialtas a bhaint amach roimh 2030.

Tá taithí againn go léir ar na focail bhreátha agus dea-ráitis a fhoilsíonn an rialtas go minic maidir leis an aeráid, ach gan puinn de laghdú ar astaíochtaí na tíre go dtí seo. Tá sin le feiceáil sa cháipéis seo gan dabht ach b’fhéidir le níos mó feola ar an gcreatlach chomh maith. Tá an t-athrú aeráide lárnach tríd is tríd, agus é geallta ann go dtabharfaidh an cháin charbóin airgead sa bhreis don rialtas, airgead a bheidh ar fáil chun athchóiriú inslithe a dhéanamh ar sheantithe mar shampla. Agus an rud is fearr ná go ndéantar den chéad uair riamh measúnú ar an tionchar aeráide agus comhshaoil ag gach tionscadal a bheidh maoinithe ag an rialtas.

Ach ní leor sin agus tá go leor – go leor – fadhbanna ann chomh maith. Caith sracfhéachaint ar an mír faoi chúrsaí taistil. Cinnte tá cuid mhaith ann mar gheall ar an gcóras iompair poiblí agus iompar gníomhach, ach níl na sonraí cuimsitheacha ann mar atá agus na bóithre á phlé acu. Bóthar i ndiaidh bóthair luaite ann, agus an chuma ar an scéal go mbeidh siad go léir ag dul ar aghaidh. Níl aon amlíne cheart luaite acu ach an oiread, agus is rud riachtanach é sin. Caithfear an t-iompar poiblí a chur i dtús áite roimh bhóithre a thógáil mar shampla. Agus an rud is measa – níl leagan Gaeilge den phlean ar fáil ar chor ar bith. Ceann de na cháipéisí a stiúrfaidh an tír amach anseo, agus níl siad sásta é a fhoilsiú i nGaeilge? Neamhaird nó masla? Is ionann iad!

Mar a dúirt mé, is í an Cháinaisnéis féin a thugann léargas ar na smaointe is doimhne i gcroí an rialtais. Ní raibh sé go hainnis, caithfidh mé a rá. Bhí ardú ar an gcáin charbóin ann ach é ag teacht ag tús an gheimhridh agus deacrachtaí ag daoine cheana féin de bharr mhéadú an phraghais idirnáisiúnta gáis agus ola. Tá sé geallta go mbeidh an praghas seo ag €100 in aghaidh an tonna roimh 2030. Beidh an t-airgead seo in úsáid chun an t-athchóiriú inslithe sin a dhéanamh mar a mholtar san NDP. Tá níos mó airgid tugtha chun cosáin agus bealaí rothair a thógáil agus chun ticéid iompair poiblí níos saoire a thairiscint do daoine faoi bhun 23. Níos suntasaí fós, ní bheidh aon airgead ag teacht chuig tionscadal nua bóthair i mbliana. Is dócha go raibh sé níos fearr ná mar a bhíomar ag siúl leis ach…

Agus an Cháinaisnéis seo á léamh agat, ní cheapfá go bhfuil éigeandáil aeráide ann ar chor ar bith – éigeandáil a d’fhógair an rialtas féin in 2019. Cathain a bheidh siad ag dul i ngleic leis an earnáil talmhaíochta? An bhfuil siad ag brath an iomarca ar an gcáin charbóin sin? Seans maith go bhfuil, ní bheidh gach pingin ón gcáin ag dul chun athrú cóir a bhaint amach, ach beidh cuid de ag dul isteach sa chiste ginearálta. An bhfuil aon fhianaise sa Cháinaisnéis seo go bhfuil an rialtas sásta glacadh leis an athrú córasach atá ag teastáil? Nó an bhfuil an seanphort céanna á sheinnt acu – go bhfuil siad sásta beith ag útamáil leo agus an dualgas go hiomlán a chur ar an duine aonar? 

Aithnímid go léir na héigeandálaí eile atá ag dul in olcas diaidh ar ndiaidh – éigeandáil tithíochta, éigeandáil sláinte, fostaíocht shealadach, éagothroime, éigeandáil teanga. Tuigimid go léir go gcaithfidh an rialtas aghaidh a thabhairt orthu chomh maith, ach tá an t-athrú córais ceannann céanna atá ag teastáil chun dul i ngleic leo in easnamh sa Cháinaisnéis. Agus tuigimid cén fáth. 

Déanfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael iarracht na fadhbanna a réiteach. Ach is é an mianach atá iontu nach mbeidh siad in ann. Níl an fhís atá de dhíth orainn le feiceáil ó Martin ná Varadkar, ná duine ar bith eile sna páirtithe. Sin ceacht na Cáinaisnéise – is féidir leis an rialtas an rud ceart a rá maidir leis an gcomhshaol ach níl siad sásta an rud ceart a dhéanamh.