Ní leigheasfaidh ‘lána amháin eile’ fadhbanna tráchta na Gaillimhe

Bhí cruinniú mór ann an tseachtain seo i gcathair na Gaillimhe faoin gcuarbhóthar nua atá á phleanáil i láthair na huaire. Tá sé mar aidhm ag an mbóthar nua an trácht a phlúchann an chathair maidin agus oíche a tharraingt cúpla míle níos faide ón gcathair agus plúchadh na cathrach ‘a leigheas’. 

Tá an bóthar seo á phleanáil le fada fada an lá, agus é ina chnámh spairne agus údar imní ag go leor daoine atá i gcónaí sa gcathair féin, sna bruachbhailte, agus sna ceantracha tuaithe a shíneann siar go Gaeltacht na Gaillimhe, soir i dtreo Bhaile Átha Luain agus go háiteacha eile nach iad. 

Ní féidir a shéanadh gurb í Gaillimh an chathair is measa trácht in Éirinn. Cé gur fhág mé mo theachín in Indreabhán dhá bhliain ó shin, téim siar go cathair na Gaillimhe agus go Conamara go mionmhinic, agus tá an scéal ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana. 

Ach ní leigheasfaidh “lána amháin eile” fadhbanna tráchta na Gaillimhe. Ar ndóigh, beidh níos mó ná lána amháin i gceist leis an mbóthar mór nua seo, ach cuireann an nath úd síos ar an meon gur féidir fadhbanna tráchta a chur ina gceart trí bhóithre nua a thógáil, nó lánaí nua a chur le bóithre atá ann cheana féin. Níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar Ríocht na gCarr, Stáit Aontaithe Mheiriceá, le feiceáil nach n-oibríonn an cur chuige sin ar chor ar bith. 

Breathnaímis ar Los Angeles, mar shampla, mar a bhfuil na mílte mílte míle de bhóithre ann agus fadhbanna móra tráchta maidin agus oíche. Tá galar na gcarr tolgtha go tréan ní hamháin ag lucht na pleanála in Los Angeles ach ag muintir na cathrach freisin. Tá col aisteach acu leis an gcóras iompair phoiblí agus ní fheiceann siad réiteach ar bith ar an bplódú carr ach tuilleadh carranna a chur ar bhóithre nua. 

Maidir le Gaillimh na gCuanta is na gCarr, seans go laghdófar an trácht ar feadh cúpla mí (nó seachtain) i bpríomhchathair Chonnacht má thógtar an bóthar nua seo ach ní fada go mbeifear ag éileamh leathnú bóthair, nó síneadh bóthair, nó, go deimhin, bóthar iomlán nua cúpla míle níos faide amach ón gcathair. 

Is gá breathnú ar bhealaí eile, atá níos saoire agus níos éifeachtaí, le fadhbanna tráchta na Gaillimhe a leigheas sula dtógtar aon bhóthar nua. Déarfainn féin nach bhfuil bóthar nua ag teastáil ar chor ar bith ach athrú iomlán ar chur chuige lucht na pleanála i leith na ceist agus athrú ar mheon na ndaoine i leith na tiomána. 

Tá tithe i nGaillimh atá i ngiorracht 100 méadar de shiopaí agus de sheirbhísí a úsáidtear cúpla uair sa lá, ach ní féidir an 100 méadar sin a shiúl go sábháilte ná go compordach den chuid is mó, agus is furasta a thuiscint do dhuine arbh fhearr leis turas 3-5km i gcarr a dhéanamh le buidéal bainne a cheannach ná 100m a shiúl thar chúig nó sé lána de thrácht. 

D’fhéadfadh Gaillimh a bheith ina heiseamláir do chathracha eile na tíre ach an fhís cheart a bheith ag lucht na pleanála agus feachtas maith feasachta do mhuintir na cathrach faoi na féidearthachtaí eile atá ann seachas bóthar a thógáil. 

Is gá cosáin shábháilte a thógáil, lánaí bus a chur isteach agus seirbhísí bus a chruthú dóibh, gréasán fada rothaíochta a thógáil a ghabhfadh chomh fada siar leis an Spidéal agus chomh fada ó thuaidh le Baile Chláir na Gaillimhe, agus rianta traenach a thógáil i dtreo Chonamara agus Thuama.

Is cur amú airgid a bheadh i mbóthar mór a thógáil, a chruthóidh níos mó fadhbanna ná mar a leigheasfaidh sé. Is gá breathnú ar fhorbairt na Gaillimhe go fadtéarmach agus go heolach ar a bhfuil i ndán don tír uilig ó thaobh cúrsaí iompair agus comhshaoil. 

SCÉALTA EILE