‘Ní thuigim cén fáth nach gcuirimid suim sa bhfuinneamh núicléach’

Bhuel tá COP26 ag teacht chun críche agus cá bhfuil muid dá bharr? Tá geallúintí tugtha…arís. Tá plean curtha amach ag an rialtas nach bhfuil sách maith. Agus cá bhfios dúinne go gcoinneoidh siad leis ar aon chuma?

Ní eolaí aeráide mé, ní saineolaí eacnamaíochta mé ach tá muid sa mbliain 2021 mar sin ciallaíonn sé sin go bhfuil duine ar bith a bhfuil tuairim acu chomh maith le hollamh ar bith.

Céard a cheapann Domhnall?

Bhuel ar an gcéad dul síos tá mise i mo chónaí ar chósta Atlantach na Gaillimhe agus tá fiche bliain caite agam anseo. Is cuma cén t-am den bhliain é ná cén séasúr a bhfuil muid ann, ní bhíonn muid i bhfad gan ghaoth. Séideann siotaí láidre níos minice sa ngeimhreadh ach m’anam nach mbíonn siad gann sa samhradh ach an oiread. 

Tuilleadh fuinnimh gaoithe, a deir tú? 

D’aontóinn leat ach táthar ag iarraidh iad a chur in áiteacha ina gcuirfeadh siad as do dhaoine.

Nach cuma! a deir tú. Nach bhfuil an chomhshaol níos tábhachtaí ná sin.

Tá ach tá bealaí eile ann lena a dhéanamh. Bíonn gaoithe níos láidre i bhfad amach sa bhfarraige agus más amuigh ann atá siad ní bheidh siad ag cur as do dhaoine.

An gcuirfidh sé sin as don chomhshaol sa bhfarraige? Cinnte beidh tionchar aige (tá tú ag sá colún mór coincréite síos san uisce) ach cén fáth nach gcuireann muid obair ar fáil d’eolaithe mara na tíre agus iad a chur ag obair le hinnealtóirí leis an tionchar is lú is féidir a bheith againn air.

Óicé sin í an chéad chéim. Céard eile? Bhuel ní thuigim féin cén fáth nach gcuireann muid suim ar bith i bhfuinneamh núicléach. Faitíos é cuid de cheapfainn ach ní tharlóidh Chernobyl na hÉireann mar níl muid sna seachtóidí níos mó agus déarfainn go bhfuil an ríomhaire i d’fhón níos láidre ná na ríomhairí a bhí acu ansin.

Deirtear go bhfuil eamhnú tóiriam níos sábháilte ná eamhnú úráiniam mar go dteastaíonn tóiriam a chur i dteangmháil le hábhar ar nós plútóiniam le go dtosóidh sé ag gineadh fuinnimh mar sin má thosaíonn rudaí ag gabháil in aimhréidh ní theastaíonn ach an tóiriam a tharraingt siar ón bplútóiniam leis an imoibriú a stopadh.

Anuas air sin tá tóiriam níos fairsinge sa talamh ná úráiniam agus is féidir an dramhaíl a ghlanadh agus a úsáid arís mar sin tá sé sin níos glaine freisin.

Anois céard a dhéanfaidh muid leis an bhfuinnimh seo uilig nuair nach bhfuiltear dá úsáid? Teastaíonn bealach lena stóráil. Tá modh á úsáid againn cheana féin ar Chnoc an Turlaigh i gCill Mhantáin ina bpumpáiltear uisce as loch amháin suas tríd an gcnoc go dtí linn a tógadh ar bharr an chnoic nuair nach bhfuil mórán tarraingt ar fhuinneamh na tíre agus scaoiltear síos arís é nuair a bhíonn fuinneamh breise ag teastáil. 

An t-aon rud faoin gcóras seo ná go dteastaíonn difríocht mór in airde taobh istigh d’achar sách gearr. Tá an t-ádh ar an tír seo gur chart oighearshruthanna cnoic na hÉireann mar a chart san oighearaois is déanaí agus mar sin tá roinnt láithreacha feiliúnacha ar fud na tíre.

Abair go bhfuil an méid sin déanta. Caithfear breathnú ar thionchar an ghnáthdhuine. Teastaíonn caoi a chur ar thithe lena ndéanamh níos glaise agus teastaíonn níos mó carranna leictreacha. Níl gnáthmhuintir na hÉireann bocht ach cinnte níl muid saibhir. Cosnaíonn na rudaí sinn airgead nach bhfuil againn. 

Sílim féin gur cheart don rialtas an cháin charbóin atá á bhailiú acu a chur i dtreo deontais le carranna leictreacha a cheannach, deontais le caoi a chur ar thithe (maidir le teas agus insliú), deontais le painéil gréine a chur ar dhíonta, b’fhéidir fiú faoiseamh cánach maoine a thabhairt do dhuine ar bith a chuirfidh crainnte dúchais ar a gcuid talún. Nuair a chuirfear an cineál sin tacaíochta ar fáil, sin é an uair is féidir tosaí ag síneadh méire ar an ngnáthdhuine maidir leis an ngéarchéim seo.

Airíonn mise chomh ciontach sin nuair a chasann mé an eochair i mo charr díosail ach níl an dara rogha agam. Is mac léinn mé. Níl mórán le spáráil agam faoin am a bhíonn mo chuid costas uilig íoctha agus cinnte níl 40, 50, 60 míle euro agam le caitheamh ar charr nua leictreach. 

Agus céard faoi na céadta mílte daoine sa tír nach bhfuil sé de mhaoin acu áit a fháil dóibh féin le maireachtáil? An gceapann an rialtas go bhfuil an cineál sin airgid acu siúd?

Ar aon chuma mar a dúirt mé ní saineolaí mé níl ionam ach amadán ar an idirlíon a bhfuil tuairimí aige. 

SCÉALTA EILE