Is nós le hollmhargaí bia as dáta agus earraí nach bhfuil go hiomlán foirfe a chur i bhfolach ó chustaiméirí.
Ach a mhalairt atá i gceist le hollmhargadh a osclaíodh sa Danmhairg le déanaí agus atá ag líonadh a chuid seilfeanna le bia as dáta agus earraí neamhfhoirfe amháin.
Osclaíodh WeFood in Copenhagen ar na mallaibh agus tá sé cheana féin ag mealladh daoine áitiúla sna sluaite chun a gcuid siopadóireachta a dhéanamh ann.
Seo earraí agus bia a chaithfí amach murach an siopa a bheith ann, dar le lucht WeFood.
Ar an chéad siopa dá chineál sa Danmhairg, agus sa domhan mór b’fhéidir, tá sé dírithe ar dhaoine ar ioncam íseal agus siopadóirí atá buartha faoin bhia a chaitear amach gach lá sa tír.
Aithnítear gur bealach é ina bhféadfaidh daoine gníomhú go dearfach ina saol laethúil chun cur amú bia a laghdú.
Idir bhia agus earraí tí, gach a dhíoltar in WeFood, tá sé 50% níos saoire ná mar a bheadh sé ag an ghnáthchostas sna hollmhargaí móra.
Dúshlán a bhí ann an siopa a bhunadh sa chéad dul síos ós rud é go raibh bia as dáta á dhíol ann.
Tá sé ar oscailt le breis agus mí anuas agus go dtí seo is oibrithe deonacha ar fad atá ag obair sa siopa agus téann cibé brabús a dhéantar i dtreo tograí pobail i dtíortha eile.
Maith iad WeFood… Sinne Bia abú!