Tá bealach cruthaitheach chun poill i mbóithre poiblí a dheisiú go gasta aimsithe ag ealaíontóir anaithnid i Sasana: Tarraing pictiúr de bhod timpeall air agus líonfar é.
Ar a leathanach Facebook, léiríonn an t-ealaíontóir – a úsáideann an leasainm ‘Wanksy’ – conas a bhaineann sé leas as ‘gníomh díreach’ agus an ealaín chun náire a chur ar na húdaráis áitiúla.
An oiread sin náire, is cosúil, ná go líontar na poill go gairid ina dhiaidh.
Deir Wanksy gur thug sé faoin dúshlán nuair a gortaíodh cara dá chuid ar rothar mar gheall ar pholl, agus ba bhealach greannmhar é chun aird a tharraingt ar stad na mbóithre a bhí “go huafásach” i gceantar Mhanchain.
Tá beagnach 10,000 leantóir ag an ghníomhaí ar Facebook ó thosaigh sé, áit ar féidir pictiúir dá ‘shaothair’ is déanaí a fheiceáil ann.
Agus cé gur i Sasana atá Wanksy lonnaithe, is cosúil anois go bhfuil a leithéid d’ealaín ag preabadh aníos sna Stáit Aontaithe fosta, le pictiúir ó Nua-Eabhrac le feiceáil ar líne le cúpla lá anuas.