Tuigeann muid ar fad go bhfuil an aeráid ag athrú, agus go bhfuil muid ar fad faoi bhagairt aige seo. Ina theannta sin, tá na réitigh soiléirithe dúinn. Ach an bhfuil muid réidh don réiteach?
Chuile sheans go bhfuil Greta Thunberg feicthe nó cloiste agat ar na mallaibh. Cailín óg ón tSualainn, a théann ar fud an domhain ag meabhrú dúinn go gcaithfidh muid dúiseacht ón suan atá orainn ó thaobh an athruithe aeráide de, agus ár gcleachtas a athrú leis an domhan a tharrtháil sula scriosfadh muid é.
Cuireadh fáilte mhór roimpi anseo sa Bhruiséil an mhí seo caite nuair a rinne sí cur i láthair os comhair an choiste timpeallachta — iorónach, toisc gur measadh cúpla seachtain roimhe ré nár cheart go labhródh sí os comhair na Parlaiminte in Strasbourg. An babhta seo, bhí scuaine fada polaiteoirí ann le féinphic a ghlacadh léi, agus cluas éisteachta a thabhairt di.
Is imníoch an teachtaireacht atá aici — muna n-athraíonn muid ár sochaí agus ár n-iompar, scriosfar an domhan. Tá an ceart aici.
Ach conas a rachaidh muid i ngleic leis an bhfadhb seo? Moltar athruithe mhóra a thabhairt isteach, ina measc: fuinneamh in-athnuaite seachas breosla iontaise, cáin a chur ar charbóin, ár gcuid taisteal a laghdú (go háirithe más ar eitleán nó sa charr a bhíonn tú ag imeacht) agus gan an oiread feola a ithe (tagann meatán ó bha, bíodh a fhios agat). Faoi láthair, níl ag éirí rómhaith le hÉirinn a cuid dualgaisí ó thaobh astuithe a laghdú — drochsheans go mbainfidh muid ár spriocanna amach faoin mbliain 2020.
Ach an bhfuil Éire réidh leis na hathruithe seo a dhéanamh? An bhfuil muid réidh leis na hathruithe seo a dhéanamh inár saol? An bhfuil eacnamaíocht na hÉireann réidh lena n-aghaidh?
Tá Éire leochaileach i leith na faidhbe seo — go háirithe ceantair tuaithe. Cuir i gcás iarthar an Chláir, an áit ab as dom. Braitheann eacnamaíocht an cheantair ar an talamhaíocht — beithígh, ach go háirithe – agus ar an turasóireacht. Is beag tionscadal atá ann — seachas an monarcha guail, Gob na Muine.
Níl iarthar an Chláir ar cheann de na ceantair is rachmasaí amuigh mar a sheasann sé faoi láthair, ach má chuirtear polasaithe i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar ithe feola, a dhéanfadh an taisteal aeir i bhfad níos costasaí ar thurasóirí, is cinnte go ndéanfadh sin dochar as cuimse don cheantar. Nuair a fhéachann muid ar Éirinn í féin – oileán, a bhraitheann ar infheistíocht idirnáisiúnta, a easportálann i bhfad níos mó bia ná mar a iomportáilteann sí, agus a chuireann í féin chun cinn mar ionad idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Thuaidh — an gcruthódh sé an iomarca trioblóide dár bpobail agus dár ngeilleagar glacadh leis na moltaí sin?
Ach caithfear rud éigin a dhéanamh, ní féidir an craiceann agus a luach a bheith againn. Ní feidir an chluas bhodhar a thabhairt don athrú aeráide. Muna nglacann muid freagracht ina leith, scriosfar an talamh a gcothaíonn na beithígh agus an áilleacht a mheallann na mílte.
Mholfainn féin tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ar an gcóras iompar poiblí go náisiúnta (agus an praghas a laghdú) ionas go mbainfí níos mó úsáide as. Caithfidh muid béim a chur ar an talmhaíocht agus an turasóireacht inbhuanaithe — agus an cur chuige seo a chur chun cinn go héifeachtach le daoine a mhealladh chugainn.
Má bhíonn cailliúnt ann ó thaobh ioncaim de, ba cheart don rialtas cistiú a chur ar fáil. Caithfidh an pobal páirt a bheith acu san athrú seo — má chuirtear iachall orthu, ní ghlacfaidh siad leis. Ní chabhraíonn an leachtóireacht a fheiceann muid ó fheactasóirí aeráide lena gcás, déantar neamhaird orthu. Is éasca a bheith éadóchasach agus diúltach, ach tá réiteach uainn agus i ndán dúinn. Chuile sheans go mbeidh West Clare Railway againn arís…