Rogha stuama eile in áit Colgate
An Gael Glas

Ba ag póirseáil i seomra folctha mo charad a bhí mé an tseachtain seo caite, agus níor fhág mé an áit ó shin. Luaigh mé cheana gur sa seomra sin is minice a fheicim rudaí a dhéanann an-dochar don chomhshaol, fiú i dtithe atá thar a bheith ‘Glas’ ar mhórán slite eile.

Tá cloiste againn go léir faoin am seo faoi na scuaba adhmaid atá ar fáil i siopaí éagsúla agus ar líne anois. Tagann mo cheann féin uair sa mí ó Bam and Boo, cé go bhfuil athmhachnamh á dhéanamh anois agam faoin síntiús sin agus earraí atá ar fáil ar leac an dorais ag teacht thar sáile chugam.

Ach ní faoi scuaba atá mé ag scríobh inniu, ach faoin taos féin. Tagann formhór an taois fiacla a úsáideann muid i bhfeadán plaisteach nó miotail. Is féidir cuid acu seo a athchúrsáil ach is gá iad a sciúradh go maith ar dtús, rud nach ndéanfadh an gnáthdhuine. Más duine thú a bhfuil an t-am agat d’fheadán taois a oscailt le siosúr agus an taos a ghlanadh amach as, maith thú!

Ach don chuid eile againn nach maith linn taos miontais a bheith faoinár n-ingne, tá réiteach eile ann! 

D’fhill mé ar an siopa Lush arís le ceist an taois fiacla a fhiosrú agus tá táirge ar a dtugann siad Toothy Tabs acu ann, agus maíonn lucht Lush gur “rogha stuama eile” in áit taos fiacla agus folcadh béil atá ann. 

Caithfidh mé a admháil gur thóg sé tamall orm dul i dtaithí ar na piollairí beaga seo. Is aisteach an mothú a fhágann an piollaire beag i do bhéal agus tú ar tí na fiacla a scuabadh, agus tá drochbhlas ar chuid acu. Ach i ndeireadh na dála, níl sé chomh difriúil sin le deoirín beag taois a chur ar bharr do scuaibe agus a shá i do bhéal. 

Ba é an blas ‘Limelight’ ba mhó a thaitin liom, bhí an ‘Boom!’ an-láidir go deo agus bhí d’fhan blas an ‘Miles of Smiles’ i mo bhéal i bhfad rófhada. Níl na roghanna eile blaiste agam go fóill, ach tá mé sásta go leor leis an Limelight go dtí seo. 

Cé na buntáistí atá ag piollairí fiacla thar thaos fiacla? Don duine daonna, diabhal mórán is dócha, glanfaidh siad do chuid fiacla chomh maith céanna le Colgate. Ach don chomhshaol, tá buntáiste mór ann. Nuair a cheannaíonn tú piollairí fiacla ó Lush is féidir leat an buidéilín a thabhairt ar ais arís agus arís eile lena athlíonadh. 

Ar ndóigh, ní gá duit dul go Lush lena leithéid a fháil, bíonn fáil ar a leithéid de phiollairí i siopaí glasa ar fud na tíre agus i roinnt margaí agus aontaí.