‘Samhlaígí áiteanna breátha Gaeltachta faoin bhfarraige’
léamh an Ghaeil Ghlais ar thuarascáil an IPCC

Níl rud ar bith is fearr leis an nGael Glas ná a bheith i mbun oibre ar son an chomhshaoil, ag feachtasaíocht agus ag argóint, ach ó am go ham caithfidh mé mo scíth a ligean agus sos beag a thógáil.  Agus sin an fáth a rabhas ag athfhéachaint ar cheann de na scannáin is mó le rá ó na 1990í – ‘Casino‘ le Martin Scorcese. 

Idir sáraisteoireacht Robert de Niro agus Sharon Stone, agus fiántas Joe Pesci, sheas radharc amháin amach dom. Is é sin nuair a bhíonn na saoistí ag plé le chéile, iad gafa ag na póilíní agus ag roghnú na daoine ba cheart dóibh a “whackáil“. Agus iad ag déanamh cinnidh faoi cheannaire an chasaíne, deir saoiste amháin “duine stuama macánta is ea é”. “Díreach cosúil lena athair,” arsa duine eile, “laoch, saighdiúir maith is ea é.” Agus an t-ardDon? “Cogar, éistigí…cén fáth a rachaimis sa seans? Is é sin mo thuairim pé scéal é…”

Díreach i ndiaidh do mo dhuine a bheith whackáilte, thosaigh mé ag machnamh ar an athrú aeráide, mar is gnách, agus conas an meon sin a fhorbairt inár saol. Tá dhá mhórthuarascáil i mbéal an phobail le déanaí, ceann amháin a foilsíodh in Nature Climate Change faoi na sruthanna mara, agus ceann eile ón IPCC a foilsíodh ar maidin. 

Bhíos i dteagmháil le duine den fhoireann a scríobh an tuarascáil, agus is léir gur léargas scanrúil atá ann – an easpa gníomhaithe ar fud an domhain, an méid atá le déanamh againn, agus na hathruithe atá geallta anois fiú má dhéanfaimid an méid sin. 

Ach tá dóchas ann chomh maith. Is é ardú 1.5˚C an sprioc atá againn chun an tionchar is measa a sheachaint, agus is féidir linn an sprioc sin a bhaint amach cé nach bhfuil go leor ama fágtha. Tá roinnt plé sa tuarascáil faoi na pointí claochlaithe, teorainneacha tábhachtacha nach mbeimis in ann a thrasnú arís dá rachaimis tharstu. Cuid acu siúd tá siad trasnaithe againn cheana féin. Oighear an Artaigh mar shampla, agus ceann de na hoighearchlúideacha san Antartach, níl aon teacht aniar acu

Tá cinn eile ann chomh maith, agus sin an bhaint atá againn leis an gcéad alt a luaigh mé thuas. Is é an AMOC (Atlantic Meridional Overturning Circulation; Cúrsaíocht Thiontaithe Dhomhanfhaid an Atlantaigh) ceann de na córais is tábhachtaí ar domhan chun an teas a bhogadh ó na teochreasa go dtí na Moil, agus tá sé sin níos tábhachtaí fós sa Leathsféar Thuaidh. 

Ní gá ach féachaint ar léarscáil chun na háiteanna seo a chur i gcomparáid le chéile. Corca Dhuibhne agus Bá Hudson, An Ceathrú Rua agus an tSeoirsia Theas, Gaoth Dobhair agus Novosibirsk na Sibéire. Tá siad go léir ar an domhanleithead céanna. Cé go bhfuil sé deacair a shamhlú uaireanta, agus é ag cur báistí lá i ndiaidh lae, tá aeráid agus aimsir bhog chiúin againn in Éirinn agus is é an AMOC is cúis le cuid mhaith de sin. Gan é bheadh sé i bhfad níos troime, agus bheadh an geimhreadh i bhfad níos déine againn, gan trácht ar an tionchar ar an bhfeirmeoireacht agus an iascaireacht. Tá sé tuartha ag na saineolaithe agus an IPCC go gcuirfidh an t-athrú aeráide moill leis ach níl éinne cinnte go fóill an dtarlóidh sé sin go leanúnach nó go tobann.

Toisc go bhfuil difríochtaí sna hAigéin o thaobh teasa agus salandachta de, tarraingítear an t-uisce ó na teochreasa go dtí an tArtach. Tumann sé ansin agus téann an t-uisce fuar ar ais go dtí an Leathsféar Theas, áit a dtagann sé aníos arís. Cabhraíonn sé seo le Sruth na Murascaille  (atá cruthaithe ag an ngaoth den chuid is mó) a tharraingt ó thuaidh mar Shíobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh. Is é seo an fáth a bhfuil an aeráid in iarthar na hEorpa i bhfad níos teo ná oirthear Mheiriceá Thuaidh mar shampla. Agus má stadann sé, cuirfidh easpa an AMOC isteach ar áiteanna eile chomh maith – ardóidh sé leibhéal na farraige ar an gcósta thoir i Meiriceá, cuirfidh sé an Monsún i mbaol san Áise, agus laghdóidh sé an méid báistí i bhforaois bháistí na hAmasóine. Agus sin an chontúirt – má thrasnóimid pointe claochlaithe amháin, beidh seans níos mó ann go dtrasnóimid na cinn eile.

San alt sin in Nature, pléitear an fhianaise go bhfuil dhá staid AMOC ann, staid amháin atá láidir agus atá i réim faoi láthair, agus staid eile atá lag. Tá an dá stad seasmhach go maith ach má athraíonn sé ó cheann amháin go dtí ceann eile, mar a tharla i rith na hOighearaoise, is féidir go dtarlóidh sé a han-tapa. Agus de réir na fianaise, tá comharthaí ann go bhfuil sé sin ar tí tarlú. 

Cuid den fhianaise ar aon nós, níl siad cinnte cathain a tharlóidh sé, nó an dtarlóidh sé ar chor ar bith – i samhlacha eile laghdóidh an AMOC, ach ní stadfaidh sé. Agus is féidir linn stop a chur leis, fiú má tá sé ag tarlú, má chuirimid moill ar leá oighearchaidhp na Graonlainne. Samhlaígí anois na háiteanna breátha Gaeltachta ar chósta thiar na hÉireann. Gabhla siar amach ó Ghaoth Dobhair, tránna geala Chonamara, Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna. Samhlaígí iad bheith mar Bhá Hudson. Mar a dúirt an tArdDon in Casino, cén fáth a rachaimis sa seans?