‘Saothar taitneamhach, faisnéiseach agus nuálach é móreagrán eiceolaíochta Chomhair’

Mholfainn duit bheith i d’iriseoir. Tá taithí agam ar an gceird seo le blianta fada, agus is iomaí uair a chuir mé ionadh agus formad ar eolaithe rocéid agus máinlianna inchinne nuair a chloiseadh siad mo shlí bheatha. Tá na mílte Ferrero Rochers ite agam agus mé ag freastal ar chóisirí ambasadóra. Faighim cárta Nollag ón Uachtarán féin agus a mhadraí gach bliain. Is ea, is saol iontach é, osclaíonn doirse agus imíonn fadhbanna nuair a luann tú do phost.

Ach mar a dúirt Spiderman, tagann freagracht le cumhacht, agus caitheann tú do chuid dualgaisí a chomhlíonadh ag an am céanna. Mar sin, nuair a chuala mé an phing ar mo ghuthán ag fógairt go raibh ríomhphost faighte agam ó fhoireann eagarthóireachta na hirise Comhar, éagran nua réamhfhoilsithe nasctha leis, agus achainí ann é a léamh agus léirmheas a thabhairt, bhí a fhios agam go mbeadh orm mo phleananna pearsanta a chur ar athló agus obair a dhéanamh. Ar son an chomhshaoil, an dtuigeann tú, agus ar do shon, a léitheoir dhil.

Cad atá ann san eagrán seo? Móreagrán eiceolaíochta atá i geist, agus “altanna, aistí, dánta agus íomhánna den scoth ann faoin ngéarchéim aeráide is dúlra, lón machnaimh, sceoin agus dóchais araon ann,” mar a dúirt aoi-eagarthóir na hirise, Anna Heussaff. Agus tá an ceart aici – tá réimse leathan alt idir na clúdaigh. Ach bhí orm mo thuairimí a chur le chéile go hoibiachtúil, agus léirmheas neamhchlaonta a fhorbairt. Bhí trí cheist agam – ar chuir sé leis an mbailiúchán saothar atá ann cheana féin faoin ábhar; ar fhoghlaim mé eolas nua; agus ar bhain mé taitneamh as.

Is daoine an-ghnóthach iad léitheoirí NÓS, agus tabharfaidh mé na freagraí libh anois díreach – chuir, d’fhoghlaim agus bhain. Is fiú é a cheannach, is fiú gach aon alt agus dán atá istigh ann a léamh mar tá saibhreas i ngach ceann acu agus tá forléargas ginearálta le feiceáil ann má léann tú é ó leathanach a haon ar aghaidh. Tá súil agam nach deireadh an scéil an t-eagrán seo agus go mbeidh an t-ábhar fite fuaite istigh sna haltanna, sna gearrscéalta agus sna dánta a bheidh i gComhar as seo amach. Sin an gearrléirmheas – ceannaigh é, léigh é agus pléigh é.


Téimis ag tochailt níos doimhne sna seoda atá ann mar sin. I ndiaidh an eagarfhocail, tosaímid le halt de chuid Paddy Bushe, ‘Forógra Aimhirgin’ ag plé theacht Chlanna Mhíle go hÉirinn agus ag tabhairt cur síos ar an léargas atá le fáil sa Leabhar Gabhála ar an gceangal idir daoine agus an timpeallacht. De réir Foras Feasa ar Éirinn, cuirtear tús le haistear Chlanna Mhíle de bharr triomaigh sa Spáinn agus bhí tuiscint chultúrtha chomh maith le tuiscint eolaíochta acu ar an nádúr – tá sé seo le feiceáil sa dán atá i gcroílár an ailt seo, dán Aimhirghin, an chéad dán Gaeilge a reiceadh sa tír. Is é an t-ionnanú atá i gceist ag Bushe – b’ionann muintir Aimhirghin agus an comhshaol, meon atá caillte ag an bhformhór againn sa lá atá inniu ann. Léiríonn Bushe an nasc láidir idir stair, miotaseolaíocht, cultúr, teanga agus an timpeallacht agus cuireann sé tús maith fealsúnach leis an gcnuasach.

Sna haltanna a leanann é, tagaimid ar ais go dtí an 20ú agus and 21ú haois le Sinéad Mercier agus Michael Cronin. Tugann Mercier cur síos cuimsitheach ar stair pholaitiúil na géarchéime agus an tsíorchoimhlint idir freagracht phearsanta agus freagracht pholaitiúil. Bhí sí ag caint ar an raidió le déanaí faoin aistriú cóir, agus téann an t-ábhar sin go smior san alt seo aici chomh maith. Is dócha go bhfuil aithne mhaith ag pobal glas na hÉireann ar Michael Cronin cheana féin, fear a scríobh an leabhar ceannródaíoch An Ghaeilge agus an Eiceolaíocht. Tugann a chuid scríbhneoireachta anseo achoimre ar léacht a thug sé níos luaithe sa bhliain, atá fós ar YouTube. Aontaíonn sé le Mercier go bhfuil athrú córais ag teastáil go géar, rud nach mbeadh na polaiteoirí róshásta leis. Cuireann sé béim, mar is iondúil dó, ar an teanga agus ar na bunchúiseanna a mhilleann an teanga agus an comhshaol, ach ní dóigh liom go bhfuil an céim dheireanach soiléir go fóill. Is é sin – is rud amháin é a rá go bhfuil an teanga i mbaol de bharr na gcúiseanna céanna a chuireann an nádúr i mbaol, ach an gcabhródh cothú na teanga le cothú an chomhshaoil, agus dá gcabhródh, conas ba cheart é a chur i bhfeidhm?

Tá sé spéisiúil go raibh Bushe ag smaoineamh ar an gceist sin chomh maith. Mar a deir sé, “nílim orthu siúd a chreideann gurb ionann bundúchasach agus sláinte éiceolaíoch…ní chreidim go bhfuil teangacha níos éiceolaí ná a chéile, bídís ina mionteangacha nó ná bíodh.” B’fhéidir é, ach nílimid ag labhairt faoin teanga féin, ach faoi chothú agus slánú na teanga agus ní hionann an dá rud.

Níl ansin ach aon trian den iris. In ‘Caomhnú agus Caillteanas’ le Máirtín Ó Catháin, ‘Caithfear Athrú’ le Deirdre de Bhailís, ‘Árainn a bheas’ le Dara Ó Maoildhia agus ‘Lón Machnaimh’ le Iseult Ward, téimid ar chamchuairt tríd na ceantair Ghaeltachta agus léargas breá ar fáil ar na tionscadail, dúshláin, constaicí agus an dóchas atá ann. Tá béim níos idirnáisiúnta ag Caoimhe de Barra in ‘Ní Ceadmhach Neamhshuim’ agus Alex Hijmans in ‘Cosa Fliucha nó Cosa Nite.’ Is breá liom féin firicí agus torthaí agus bhain mé ana-thaitneamh as stair Éicephobal Chloch Siurdáin le Peadar Kirby.

An tseachtain seo caite bhí mé ag rá go mbeadh ar ealaíontóirí na tíre seasamh níos doichte a ghlacadh, agus níor chuir sé aon ionadh orm gur láimhseáil iris chumasach ealaíne cosúil le Comhar an cheist seo. Scríobhann Máírín Nic Eoin faoi phrós na Gaeilge comhaimseartha agus an gaol idir “feasacht teanga agus chultúir agus feasacht timpeallachta i gcoitinne in Éirinn.” Agus An TionscadalCrothla agus Cnámha agus Súil á phlé aici, deir sí go bhfuilimid in ann gach seánra próis a thabhairt faoi “raon na héicicritice” agus saibhreas agus ilghnéitheacht an phlé ar chursaí timpeallachta a aithint. Tá scéalta cruthaitheacha eile, agus dánta tríd an eagrán, ceann iontach ag Ola Majekodunmi san áireamh a léigh sí ar An Cúinne Dána ar RTÉ RnaG le gairid. Ní chuireann siad isteach ar an bprós ach cuireann eis, súil eile níos ealaíonta ar an bhfadhb, súil a bheidh ag teastáil chun réitigh a aithint agus a chraoladh.

Críochnaímid sa chontae ina dtosaíomar, ach ar leithinis eile. Má d’aithris Aimhirghin a dhán ársa i mBá na Scealg tráth, tugann fear an Daingin…gabh mo leithscéal, fear Dhún Chaoin, Dáithí de Mórdha a insint bhreá filíochta féin ar an réabhlóid chiúin éiceolaíochta san áit ghalánta sin. Is fear é a bhfuil stair na háite go maith ar eolas aige, agus cibé fadhbanna atá aige leis na prátaí, is iontach an t-athrú aigne atá tagtha air faoi mhíntíreachas agus an tslí inar féidir linn maireachtaint leis an nádúr. Mar a léirigh Aimhirghin, is cuid den chomhshaol sinne, agus tá sé de dhualgas orainn é sin a aithint agus a chur in áit lárnach inár saol.

Bhuel, sin é mo léamh air ar aon nós – molaim é, agus molaim go hard. Cuireann sé go mór leis an méid atá scríofa ar an ábhar go dtí seo. Is léir go bhfuil iarracht á déanamh ag an aoi-eagarthóir na snáitheanna éagsúla a fhí le chéile chun an mórphictiúr a léiriú dúinn – éiríonn léi, agus cuireann gach alt agus gach dán leis an sprioc sin. Ní aontóidh tú le gach tuairim atá ann – cén fáth a n-aontódh – ach beidh tuiscint níos saibhre agat ar an géarchéim, ar an méid atá ag tarlú, agus go háirithe ar an gceist leanúnach sin maidir leis an nGaeilge agus athrú aeráide. Is tús iontach maith é an cnuasach seo, ach ní dóigh liom gur leath na hoibre atá ann. Caithfidh Comhar, mar aon le gach iris agus leis na meáin ar fad, an t-athrú aeráide a chur i dtús áite, agus é a shnaidhmeadh i ngach eagrán as seo amach. 

SCÉALTA EILE