Scríbhneoireacht aimsithe ar Mhars?


Is iomaí scéal fánach agus teoiric comhcheilge faoin phláinéad Mars, an chuid is mó acu gan aon bhunús ó thaobh faisnéise ná eolaíochta de.

Mar sin féin, anois is arís tagann píosa fianaise chun solais a thugann orainn breathnú ar na fíricí uair amháin eile agus, b’fhéidir, ár dtuiscint ar an chruinne a cheistiú.

Ceann acu sin ná an íomhá PIA 17931 a ghlac róbat taiscéalaíochta NASA, an Curiosity Rover, agus a foilsíodh ar shuíomh idirlín NASA i mí Eanáir 2014.

Glacadh an grianghraf ar dhumhach creagach darb ainm Dingo Gap agus léiríonn sé an tírdhreach a shamhlaítear le Mars go hiondúil.

mars-writing-statue

Ar thaobh na láimhe clé den ghrianghraf, áfach, dealraíonn sé go bhfuil trí litir scríofa ar chloch.

writing-mars-2

Tá an chuma air gur seanleagan den litir ‘Y’ atá ann, le dhá chruth eile ar an dá thaobh.

writing-mars-1

Seans ar ndóigh gur cruth orgánach é seo agus go bhfuil ár súile ag cur mearbhaill orainn ach is cinnte gur díol spéise é agus tá sé ráite ag roinnt geolaithe nach féidir le línte mar sin bheith ann go nádúrtha sa dúlra mar is eol dúinn é.

Dealbh?

Ní hé seo an t-aon rud amháin sa ghrianghraf céanna a chuirfidh i mbun machnaimh tú áfach.

Ar an taobh eile den íomhá tá cloch eile ann a bhfuil cosúlacht deilbhe ag gobadh amach as an talamh uirthi.

statue-mars

Go deimhin, déarfadh go leor go bhfuil aghaidh le feiceáil – súil amháin, srón agus béal – greannta sa chloch agus gur soiléire é ná na litreacha fiú.

Ba chóir a chuimhniú gur íomhá oifigiúil de chuid NASA é seo atá le feiceáil agus le híoslódáil óna chartlann grianghrafanna.

Cad ar a bhfuil muid ag breathnú anseo mar sin?

Iarsmaí ó shibhialtacht ársa a bhí beo ar Mhars tráth, nó bobanna físe?

SCÉALTA EILE