Sicíní lán stíle

Chonaic muid ar na mallaibh an toradh a bhíonn ann nuair a thiteann faoileán anuas ón spéir, isteach i mbáisín mór tikka masala óir tharla a leithéid sa Bhreatain Bheag.

San Iodáil anois, tá cairde beaga cleiteacha de chineál eile á gcur i láthair dúinn ar bhealach nach bhfacthas riamh iad.

Tá aird tarraingthe ag taispeántas grianghraf leis an Iodálach Dan Bannino, ‘Chic Chicks’, ina léirítear sicíní beaga mar a bheadh mainicíní lán stíle agus galántachta ann.

Chics lar

D’eascair an taispeántas as teacht le chéile idir Dan Bannino agus Andrea Pozzata, póraitheoir éanlaithe as Padua na hIodáile.

Paduach an t-ainm atá ar an chineál áirithe circe seo agus í le fáil i gCathair Padua i dtuaisceart na hIodáile amháin.

Fásann cuircín cleití ar chloigeann an Phaduaigh, rud atá éagsúil ó na cearca a fhaightear go coitianta ar fud an domhain.

lar

Thóg an grianghrafadóir stiúideo sealadach ar an fheirm ina bhfuil na cearca á gcoinneáil agus d’úsáid sé soilse ildathacha chun portráidí de na cearca a chruthú.

Dúirt Dan gurb í aidhm na bpictiúr aird an lucht féachana a dhíriú “ar théama neamhghnách”.

“Sa chás seo, tá na sicíní curtha i láthair mar mhainicíní, a fostaíodh, rud a léiríonn a gcuid áilleachta.

“Ach tá galántacht na n-éan sna pictiúir i gcodarsnacht leis an tslí a gcaitear le cearca ar fud an domhain.

“Leis na cianta, tá cearca ina sclábhaithe ag an chine dhaonna agus is iontach áilleacht na circe a chur chun cinn,” arsa an ealaíontóir.

SCÉALTA EILE