‘Sochraid an chine daonna’ ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh

Inniu ‘Lá Domhanda an Fhiadhúlra’ agus tá “sochraid” don chine daonna á eagrú ag grúpa feachtais i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh tráthnóna. Tá an eagraíocht ‘Extinction Rebellion Éire’ ag súil le slua ar Shráid Uí Chonaill ag 13.00 inniu ag an léirsiú a tharraingeoidh aird ar an “cailleadh beatha” atá ar siúl ar an bpláinéad sa lá atá inniu ann. 

Beidh cónra agus daoine faoi éide dhubh ag an “searmanas” a bheidh ar siúl ag an Túr Solais i lár na hardchathrach, agus  “caoinfidh na céadta duine ná céadta speiceas atá díofa ag an gcine daonna” ann. 

Is i mBóthar na Trá a bheidh dream na Gaillimhe ag cruinniú ag 14.00 le haird a tharraingt ar an ábhar céanna. 

Deir Extinction Rebellion Éire gurbh fhíor don Uachtarán Mícheál D Ó hUiginn, a dúirt go mbeadh an cine daonna “go hioscaidí i gcanáraithe mharbha dá mhianadóirí guail muid”.

“Briseann sé ár gcroí loiteadh an phláinéid seo a fheiceáil, an méid sin daoine agus ainmhithe a fheiceáil agus iad cheana féin ag fáil bháis. Tá a fhios againn go dtarlóidh sé seo dár bpáistí mura dtugtar athruithe phráinneacha isteach,” a dúradh i ráiteas. 

Tá súil ag an eagraíocht aird a tharraingt ar “theip an Rialtais an éigeandáil aeráide a aithint agus gníomh a dhéanamh ina haghaidh’. Mhaígh duine de lucht an fheachtais, John Gibbons, go bhfuil an domhan “i lár eachtra mór díothaithe” agus go bhfuil ainmhithe agus feithidí ag fáil bháis “ag ráta uafásach”. 

Deir Extinction Rebellion Éire gur “oidhreacht uafásach” atá á fágáil ag muintir na hÉireann do na glúine atá le teacht agus iad ag tagairt do na 750 speiceas a fógraíodh a bheith i mbaol a dhíothaithe in Éirinn le deireanas.  

Beidh cainteoirí éagsúla i láthair ag an ócáid inniu,  Garry Fitzpatrick ón Taisce agus Eoin Dillon, a chas ceol le Kíla tráth ina measc. Beidh trí éileamh mhóra á gcur os comhair an Rialtais ag an “sochraid” inniu. 

Táthar ag iarraidh go bhfógrófar staid éigeandála aeráide, go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a rinneadh ag an Tionól Saoránach le dul i gleic leis an athrú aeráide, agus le go gcuirfí athruithe polasaithe i bhfeidhm gan a bheith ag súil “go ndéanfaidh na daoine is leochailí na híobairtí is mó”. 

Tá imeacht an lae inniu á eagrú ag Extinction Rebellion Éire i gcomhar le Cairde an Domhain agus ‘Not Here, Not Anywhere’.  

SCÉALTA EILE