Le déanaí, chuir dán le hErin Coughlin Hollowell, ‘The inexplicable that lives behind the artifice’ ag smaoineamh mé ar thionchar an tsolais shaorga ar an dtimpeallacht.
Le linn Féile Spéartha Dorcha Chósta na Sceilge i mí Aibreáin, d’fhoghlaimíomar fésna réalta sa Bhéaloideas agus fé thábhacht na spéire sna seanlaethanta ó Sheán Mac an tSíthigh. Tá fianaise ann gur úsáidtí na réalta agus réaltbhuíonta chun aimsir agus am a léamh, agus chun eolas an bhealaigh a dhéanamh amach. Chomh maith leis sin b’iomaí pisreog agus scéal a bhaineadh leis na réalta.
Ní beag an tionchar a bhíodh ag spéir na hoíche ar shaol an lae, ach le teacht na réabhlóide tionsclaíche, bhog an cine daonna ar aghaidh. Le teacht an leictreachais agus na soilse bréagacha, tháinig saol nua, 24-uair an chloig. Is beag iascaire inniu a bheadh in ann an aimsir a léamh anois de réir airde Réalt an Eolais ar oíche ghlan. Ní gá, áfach, le loingseoireacht satailíte agus teicneolaíocht eile an lae inniu a dheineann saol an iascaire agus na mara i bhfad níos sábháilte.
Ach le dul chun cinn teicneolaíoch, cailltear eolas dúchasach agus is mór an chailliúint í seo. Ní hé an cine daonna amháin, áfach, a bhí, agus atá, ag brath ar sholas, agus ar easpa solais, chun maireachtaint. Cé nach bhféadfaimis ár saol a shamhlú gan soilse ar ár gcarranna, ar na sráideanna, agus inár dtithe, bíonn tionchar scanrúil ag an soilsiú seo ar fad.
Níl dhá thrian de dhaonra an domhain in ann aon réalta a fheiscint istoíche. Mar Éireannach is deacair é seo a chreidiúint, agus léiríonn sé, ní hamháin an dínascadh leis an nádúr atá ag tarlú i measc an chine daonna, ach cé chomh geal is atá an saol, agus is túsphointe é seo don dtionchar uafásach atá á imirt ag an saol san – ag ár saol – ar an bhfiadhúlra atá ag brath ar an ndorchadas chun maireachtaint.
Tá an t-ádh linn in Éirinn gur féidir linn réalta a fheiscint ó nach mór gach cuid den dtír. Tuigeann formhór againn an áilleacht a bhíonn le feiscint os ár gcionn déanach istoíche ar oíche ghlan. Is beag duine a thuigeann nach mar an gcéanna an radharc in airde a fhaightear ó áiteanna eile fén dtuath, ámh, agus ó leithinis Uíbh Ráthaigh, áit a bhfuil Taisce Idirnáisiúnta Spéire Dorcha Chiarraí.
Tá dhá Pháirc Spéire Dorcha in Éirinn, ceann in Uíbh Ráthach agus ceann eile i mBaile Chruaich, Maigh Eo. Is áit í an Pháirc Spéire Dorcha inar féidir níos mó réalta, chomh maith le plainéid eile, dreigecheathanna, agus Bealach na Bó Finne a fheiscint. Áit chun féachaint ar réalta, cinnte, ach níos tábhachtaí ná sin, is áit í inar féidir leis an bhfiadhúlra a bhraitheann ar an ndorchadas maireachtaint gan cur isteach uainn.
Cén cur isteach? In éiceachóras an domhain, tá áit agus feidhm ag gach planda, gach ainmhí, gach feithid, agus gach fungas. Nuair a chuireann rud isteach ar ainmhí amháin, bíonn tionchar aige sin ar an éiceachóras ar fad, agus gan dabht, cuireann an solas saorga a lasann an domhan isteach ar ainmhithe agus plandaí oíche.
Úsáideann féileacáin oíche an ghealach chun iad féin a threoshuí. Nuair a chímid féileacán oíche ag ciorclú solais, ceapann an fheithid gur solas na gealaí é, agus cuireann sé seo mearbhall air. Mearbhall marfach don gcuid is mó. Cuimhnímis ar an méid soilse atá inár dtigh, laistigh lasmuigh. Cuimhnímis ar an méid feithidí a meallann an fhuinneog lasta iad istoíche. Cuimhnímis anois ar an méid soilse atá inár mbailte, inár gcathracha, sa tír seo, san Eoraip, ar domhan. Cuireann an solas saorga feithidí amhail an féileacán oíche chun báis.
Is pailneoir é an féileacán oíche, agus is bia é d’éin, d’fheithidí eile, agus do mhamaigh ar nós an sciatháin leathair. Nuair a chuirtear isteach ar an bhféileacán oíche, bíonn drochthionchar ar na hainmhithe agus na plandaí ar fad eile san éiceachóras.
Cad atá le foghlaim uaidh seo? Is iomaí rud atá mícheart le saol ár linne. Teicneolaíocht, cé gur rud iontach í i mórchuid slite, is cúis leis an gcuid is mó dóibh. Le gach dul chun cinn, ar nós soilse LED bána a úsáideann fíorbheagán aibhléise, tá an domhan ag éirí níos gile agus níos gile, agus cuireann sé seo níos mó brú ar an éiceachóras atá á fhorbairt leis na milliúin bliain, agus atá go mór i mbaol.
Ach cad atá le déanamh? Ní agamsa atá na freagraí, ach caithfimid rudaí mar seo a cheistiú. Conas atá ár dtionchar imithe chomh mór sin in olcas le cúpla céad bliain? An bhfeidhmíonn ár mbiashlabhra gan na pailneoirí a bhraitheann ar dhorchadas na hoíche? An bhfuil gá le soilse sráide? Má thá, an bhfuil cinn níos fearr ná cinn eile? An gá do shoilse lasmuigh de thithe a bheith ar siúl i rith na hoíche? Ag deireadh an lae, beidh orainn na ceisteanna crua seo a fhreagairt, agus is baolach gur mó seans go mbeidh sé ró-dheireanach.