Speiceas nua ochtapais…


Mar a bheadh carachtar i mbeochan Pixar ann, aimsíodh ochtapas beag bídeach san Aigéan Ciúin amach ó chósta California le déanaí, agus é chomh gleoite sin go bhfuil an t-eolaí óg a tháinig air ag iarraidh ‘Adorablis’ a bhaisteadh air.

Ní gach lá a thagann ainmhí ón domhainmhara chun solais a tharraingíonn an oiread airde ó na meáin ach níl le déanamh ach súil a leagan ar an chreatúirín beag oráiste seo le fáil amach cad chuige.

Tá ainm oifigiúil an ochtapais faoi chúram an Dr. Stephanie Bush, ón Institiúid Taighde Uisceadáin i gCuan Monterey, a tháinig ar an speiceas nua níos luaithe sa samhradh.

Ag labhairt di tar éis gur fógraíodh a fionnachtain nua, atá sa teaghlach céanna leis an Genus Opisthorchis nó an Flapjack Octopus, dúirt sí gur mhian léi Opistoteuthis adorabilis a thabhairt air ó tharla é a bheith chomh gleoite sin.

Tharraing sí aird chomh maith ar thréithe an ochtapais bhig a chothaíonn cuma na galántachta.

Ina measc luaigh sí a shúile agus a chluasa móra i gcomparáid lena chorp beag, chomh maith lena scamall craicinn láidir a bhíonn ag feidhmiú mar a bheadh paraisiút ann agus é ag snámh agus ag gluaisteacht ar ghrinneall na farraige.

A fhad is atá an taighde á dhéanamh, táthar ag coinneáil an ochtapais i dtanc mór uisce fuar atá ag teacht leis an timpeallacht ina maireann sé.

Ar ndóigh, ní seo an chéad uair a fuair iasc a ainm bunaithe ar an chuma atá air nó ar na tréithe a bhaineann leis.

Cuimhnigh ar an Blobfish bocht a tharraing míchlú air féin i 2013 nuair a vótáladh é mar an t-ainmhí is gránna ar domhan (thíos).

blobfish

Faoi láthair, is sonóg é an Blobfish do Cumann Caomhnaithe na nAinmhithe Gránna.

Tiocfaidh ainm oifigiúil an Opistoteuthis adorabilis i bhfeidhm nuair a thagann taighde an dochtúra chun críche, agus leis sin aithneofar ár gcara beag oráiste ar an iasc mara is gleoite ar domhan.

SCÉALTA EILE