Tá sé deacair cos a choinneáil leis an nuacht le déanaÃ. Ón uair dheireanach a bhà mé libh i mà Eanáir, tá an Úcráin millte ag fórsaà a Rúise, tá an costas maireachtála imithe as smacht, tá Covid tagtha air ais cosúil le cuairteoir nach féidir a dhÃbirt agus tá tuarascáil nua foilsithe ag IPCC na Náisiún Aontaithe faoi “thionchar, leochaileacht agus cóiriú” de bharr na héigeandála aeráide.
N’fheadar an toisc go bhfuil aird an domhain ar an gcéad trà ábhar, ach nà fhaca mé mórán faoin dtuarascáil sin sna meáin. Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an éigeandáil aeráide is dócha – is deacair é bheith buartha faoi bhagairt a bheidh ag tarlú i gceann fiche bliain nuair atá do thigh scriosta inniu, nó nuair a fheiceann tú na mÃlte teifeach ag iarraidh teacht slán ón uafás. Nà dóigh liom ach an oiread go raibh go leor i dtuarascáil an IPCC a bhà úrnua. Bhà sé beagnach doléite chomh maith – 4,000 leathanach lán de phrós tiubh teicniúil. Ach ná bà buartha – rinne an Gael Glas éacht chun é a léamh ar do shon agus achoimre a thabhairt duit!
Deirtear ann go bhfuil an eolaÃocht soiléir, go bhfuil cúrsaà ag dul in olcas, go mbeidh tionchar ollmhór ag an éigeandáil aeráide orainn go léir agus go gcruthóidh sé éigeandáil i ndiaidh éigeandála ar fud an domhain, go háirithe i dtÃortha atá ag streachailt cheana féin.
Marófar daoine, cuirfear isteach ar sláinte an phobail, cuirfear go leor speiceas i mbaol a ndÃothaithe, tosófar sé cogaÃ. Beidh an domhan nÃos contúirtà agus nÃos mÃchompordaÃ. Ach is féidir linn na tionchar is measa a sheachaint má dhéanfaimid ár seacht ndÃcheall aistriú cuimsitheach cóir a chur i gcrÃch.
Nà dóigh liom gur chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin ionadh orainn ach an oiread, ón méid a bhà ráite agus déanta ag Putin sna blianta roimh seo. Ach cuireann na pictiúir atá ag teacht amach eagla agus déistin orm – a leithéid de chogadh san Eoraip den chéad uair ó na 1990Ã. Tá baint láidir ag an gcogadh le cúrsaà aeráide chomh maith, chomh láidir gur thug eolaà aeráide mór le rá ón Úcráin “cogadh na mbreoslaà iontaise” air.Â
Cogadh eile a dheireann tú, le cur san áireamh leis an Iaráin, leis an Iaráic (faoi dhó), leis an tSiria, leis an Nigéir…srl, srl. Is peitreostát é an Rúis atá ag brath beagnach go hiomlán ar easpórtáil ola agus gáis chuig an Eoraip agus tÃortha eile. Nà hamháin sin, ach tá tÃortha na hEorpa ag brath ar an mbreosla céanna.
Nà aontaÃm le tuairisceoirà áirithe, cuid acu a bhfuil colúin acu sna meáin Ghaeilge, nach bhfuil fiúntas sna smachtbhannaà atá curtha i bhfeidhm ag tÃortha an Iarthair, (agus cad ba cheart dúinn a dhéanamh a Eoin Uà Mhurchú? Glacadh leis an ionradh? Géilleadh do gach atá ag teastáil ó Phutin?).
Is à an fhadhb à nach bhfuilimid in ann smachtbhannaà nÃos déine a chur i bhfeidhm. Nach suntasach an rud é go bhfuil an gás ag teacht sna pÃoba ón Rúis, lá i ndiaidh lae, gan stad, gan staonadh, fiú nuair a bhÃonn Putin agus ceannairà na hEorpa in adharca a chéile? Realpolitik amach is amach, conas is féidir le polaiteoir in Iarthar na hEorpa bac a chur ar sholáthar gáis ón Rúis agus na praghsanna méadaithe go huafásach cheana féin. Nà bheidh réiteach fadtéarmach againn go dtà go n-athróimid go hiomlán ó bhreoslaà iontaise.
An t-aon toradh dearfach a bheidh ag an gcogadh seo, feictear domsa pé scéal é, ná go mbrostóidh sé athrú na hEorpa (agus Meiriceá le cúnamh Dé) go dtà fuinneamh in-athnuaite. NÃl sé sin cinnte go gearrthéarmach, ach nÃl aon amhras ormsa ach go dtarlóidh sé sna blianta amach romhainn
Chun deireadh a chur leis an alt seo – beidh léacht spéisiúil ar siúl ar lÃne Dé Máirt seo chugainn, leis an Ollamh Michael Cronin, údar an leabhair An Ghaeilge agus an ÉiceolaÃocht. Táthar á eagrú mar chuid de shraith cainteanna dar teideal ‘Mionteangacha agus Athrú Aeráide’ ag Craobh Chonradh na Gaeilge in Aotearoa/Nua-Shéalainn. Tá sé saor in aisce, ag tosú ag 19.30 am na hÉireann ar an 5 Aibreáin agus is féidir clárú roimh ré anseo.