Tá cathair nua ag teastáil ó óige BÁC – ba cheart í a thabhairt dóibh

Chaith mé uair an chloig an-taitneamhach Dé Luain seo caite ag éisteacht le ‘Painéal an Luain’ ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus leis an bplé ag tús an chláir go háirithe – an chonspóid faoin slua ollmhór a bhí bailithe ag an deireadh seachtaine ar Shráid Liam Theas, agus an t-easpa spáis a bhí ann dóibh.

Bhí sé idir chamáin ag an bpainéal ar feadh beagnach fiche nóiméad agus is oth liom a rá nár chuala mé tagairt amháin do chroílár na faidhbe. Is é sin nach bhfuil aon easpa spáis i lár Bhaile Átha Cliath, ach go bhfuil an spás atá ann tugtha beagnach go huile is go hiomlán do ghrúpa amháin – tiománaithe agus carranna príobháideacha.

Cuireadh níos mó leis an scéal le seachtain anuas, nuair a cháin roinnt polaiteoirí na daoine óga a bhí ann, agus nuair a léirigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go raibh siad sásta áiteanna poiblí a dhúnadh (mar a bhí déanta acu cheana féin le Plaza Portobello).

Fan soicind anois, a deir tú, nach é seo colún an Ghaeil Ghlais? Cén bhaint atá ag slua ar meisce ar shráideanna na cathrach leis an gcomhshaol agus leis an éigeandáil aeráide? Ceist mhaith, ach tá dlúthbhaint ann gan dabht.

Thug an phaindéim deis dúinn, den chéad uair le blianta fada, athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr na cathrach, agus ar meon na ndaoine atá i gceannas air – polaiteoirí agus státseirbhísigh araon.

Agus daoine ag obair ón mbaile agus na sráideanna tréigthe, bhí fadhb na tráchta (fadhb na gcarranna i ndáiríre) soiléir. I gcathracha éagsúla ar fud an domhain, tapaíodh an deis athruithe a dhéanamh, sráideanna a dhúnadh do charranna agus a oscailt do dhaoine ar a rothar agus ar a mboinn.

Rinneadh ar son na sláinte agus ar son an scartha shóisialta é ar dtús agus rinneadh ar bhonn sealadach é, ionas go mbeifí in ann é a athrú go tapaidh. Ach chomh luath agus a bhí a fhios acu go raibh daoine sásta glacadh leis, buanaíodh é. Agus sin iad na cathracha, leithéidí Paris agus London, a bhfuil dul chun cinn déanta acu anois ó thaobh iompar gníomhach de.


Tá meon eile ag na boic mhóra i mBáile Átha Cliath faraor. In aineoinn go bhfuil an t-éileamh ann, go bhfuil daoine óga tar éis íobairt uafásach a dhéanamh le bliain anuas, agus go bhfuil fonn ar dhaoine bualadh arís faoi dheireadh lena gcuid cairde, is fearr leis an gComhairle Cathrach diúlitú leo, gach rud a choimeád mar a bhí agus a rá leo: “féach ar an spás poiblí seo, spás atá ar gach aon sráid sa chathair – ní leatsa é, is le tiománaithe amháin é. Anois, bígí i bhur saoránaigh dheasa chiúine, téigí abhaile le bhur dtoil agus ná déanaigí dearmad bhur gcuid cánach a íoc.”

Is féidir linn cuid den mhilleán a chur ar na comhairleoirí, tofa ag muintir na cathrach, ach i ndáiríre tá an locht go léir ar an bhfeidhmeannach, Owen Keegan agus a bhfoireann. An bhfuil siad ag iarraidh cathair a chruthú don phobal go léir, nó do dhream beag amháin, lucht an rachmais a bheadh ar buile mura mbeadh cead acu a SUVanna a pháirceáil pé áit ar mhian leo.

De ghnáth, de réir fhigiúirí na Comhairle Cathrach, ní bhíonn ach 33% de na daoine a thagann isteach i lár na cathrach (idir an dhá chanáil) ag taisteal i gcarranna – cén fáth a bhfuil an méid sin spáis tugtha dóibh agus atá?


Feictear go minic an cheist, agus daoine ag caint faoi COVID, cad a dhéanfaimis dá mbeadh galar ann a mharódh daoine óga agus a spárálfadh na seanadhaoine? An mbeadh siad sásta an íobairt chéanna a dhéanamh agus a rinne an t-aos óg le COVID? Ní haon cheist fhealsúnach í seo i ndáiríre, mar is é an t-athrú aeráide an galar sin – scrios ar an domhan atá á dhéanamh againn (agus chuirfinn mé féin san áireamh anseo!), agus a mbeidh glúin eile ag íoc as amach anseo.

Is léir go bhfuil cathair nua ag teastáil ón bpobal óg i mBaile Átha Cliath – ba cheart í a thabhairt dóibh. Agus mura bhfuil an Chomhairle Cathrach sásta í a thabhairt – glacaigí seilbh uirthi ar aon nós.  Leanaigí leis an scaradh sóisialta ach téigí ar na sráideanna, blocálaigí na bóithre, cuirigí bac ar na carranna! Is spás poiblí é – tógaigí ar ais é. Is fearr maithiúnas a iarraidh ná cead. Ólaigí na deochanna mar sin, ar son na cathrach, agus ar son an chomhshaoil!